Jump to content

Cur isteach domhanda ar Teicneolaíocht Faisnéise 2024

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
scáileán gorm
íocaíochtaí

Tharla cur isteach domhanda ar Teicneolaíocht Faisnéise ar an 19 Iúil 2024. Bhí gnólachtaí agus earnálacha ar fud na cruinne buailte ag briseadh mór sa teicneolaíocht faisnéise; buaileadh cuid den idirlíon agus comhlachtaí taistil, cumarsáide, baincéireachta agus sláinte.[1]

D'éirigh an briseadh as fadhb ag Crowdstrike, an comhlacht domhanda cibearshlándála. Díolann CrowdStrike bogearraí le cur in aghaidh víorais ríomhaireachta ar chórais Windows, táirge de chuid Microsoft. Uasdhátú ar na bogearraí is cosúil ba chúis leis na fadhbanna domhanda.[2]

Chuir CrowdStrike 'paiste' ar fáil in aghaidh an fhabht agus dúirt an comhlacht go raibh sé ag obair go dlúth le custaiméirí a bhí buailte ag an locht. Dúirt príomhfheidhmeannach an chomhlachta frithvíorais George Kurtz gur aimsíodh an fhadhb, gur scoitheadh amach í, agus go bhfuil paiste curtha i bhfeidhm anois.

Níos luaithe, dúirt Azure, an rannóg néal-ríomhaireachta i Microsoft, go raibh a fhios acu an chaoi a raibh an uasdátú ar na bogearraí Falcon ó CrowdStrike ag cur as d'innreallra. Is amhlaidh a sháinnigh Falcon an t-inneallra ag an gcéim tosaigh, agus go raibh na meaisíní ag atosú de shíor agus gan bheith in ann dul céim níos faide chun cinn.[2]

I measc na gcomhlachtaí aitheanta a bualadh, bhí Ryanair, American Airlines agus Sky News. Sa mBreatain, bhí an seiceáil isteach de láimh ag cur moill an-mhór ar eitiltí agus bhí scuainí fada ag cur an-bhrú ar fhoirne ansiúd. Sna Stáit Aontaithe, níor éirigh roinnt eiltiltí de chuid American Airlines, Delta, United nó Allegiant an talamh.

Bhí an cárta Leap ag léiriú fadhbanna de bharr an bhriste, bhí an cárta féin ag obair ach ag leibhéal níos ísle feidhme.

Dúirt na haerfoirt go raibh deacrachtaí in áiteanna, go háirithe le seiceáil isteach.Dúirt Ryanair go raibh fadhbanna lena gcóras áirithnintí agus gur chuir an briseadh 'tríú páirtí' as dá ghréasán; mhol an comhlacht do phaisinéirí dul chuig an aerfort ar a laghad trí huaire roimh an am imeachta.

Cuireadh as do roinnt córais ó am go chéile i seomra nuachta RTÉ, ach chuaigh cláir raidió agus teilifíse go haer.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]