Jump to content

Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibreteanga agus beartas teanga Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2014

Suíomh gréasáinlanguagecommissioners.org Cuir in eagar ar Wikidata

Tá sé d’aidhm ag Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga (IALC) cearta, comhionannas agus éagsúlacht i gcúrsaí teanga a chur chun cinn ar fud an domhain agus tacaíocht a thabhairt do choimisinéirí teanga le hardchaighdeáin phroifisiúnta a bhaint amach. Tionóladh an chéad chomhdháil de Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga in Barcelona in 2013 agus tá an cumann ag dul ó neart go neart ó shin.

Tionóladh comhdháil na bliana 2024 i gCaerdydd sa Bhreatain Bheag agus ba é “Beatha teanga í a labhairt: úsáid teangacha mionlaigh agus oifigiúla mhéadú” an téama. Ba í Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Efa Gruffudd Jones, a rinne óstáil ar an ócáid, a seoladh i bhfoirgneamh Senedd Cymru (Parlaimint na Breataine Bige). Leagadh an-bhéim ar na caighdeáin teanga, meicníocht dhlíthiúil chun cearta Breatnaise a chinntiú agus a chosaint. Pléadh na bealaí ina gcuireann na caighdeán le húsáid na Breatnaise mar theanga oibre agus rinneadh cur síos ar an tacaíocht a thugann an Lárionaid Náisiúnta d’Fhoghlaim na Breatnaise d’fhostaithe comhlachtaí poiblí.

Labhair Coimisinéir Teanga na hÉireann, Séamas Ó Concheanainn ar na hathruithe reachtaíochta le déanaí a fhágann go dtabharfar feidhm do chaighdeáin teanga in Éirinn amach anseo. Bhí an Dr John Walsh, Clárbhainisteoir Pleanála Corparáidí i láthair thar ceann Fhoras na Gaeilge