Cuasacháithníní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cuasacháithníní

Floscthaí a fheidhmíonn mar a bheadh cáithníní iontu, nó fíorcháithníní go gcuireann a dtimpeallacht isteach orthu chun a n-iompar a athrú. Sampla den chéad saghas is ea an fónón, crith na laitíse criostalta. Sampla den dara saghas is ea gluaiseacht leictreon i solaid, agus sa chás seo is féidir go mbeidh an chuma ar na leictreoin go bhfuil mais i bhfad níos mó ná an saorleictreon acu. Cuasacháithníní tábhachtacha eile is ea floscáin is magnóin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cuasacháithníní". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 190.