Cuaifeach mo Londubh Buí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharCuaifeach mo Londubh Buí
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarSéamas Mac Annaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata

Is úrscéal le Séamas Mac Annaidh é Cuaifeach mo Londubh Buí. An chéad leabhar de thríológ atá ann (is iad Mo dhá Mhicí agus Rubble na Mickies na leabhair eile.) agus tugadh ardmholadh dó nuair a foilsíodh é: thuill sé clú agus cáil do Mhac Annaidh.[1] Níor léir don léitheoir an raibh tríológ beartaithe i ndáiríre nó an amhlaidh go raibh Mac Annadih ag magadh faoina chuid léitheoirí mar bhí féith an ghrinn (agus an fhéin-chomhfheasa) le brath go láidir san úrscéal, dar le roinnt léirmheastóirí.

An scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá stíl dá chuid féin aige ag an údar agus atmaisféar osréalaíoch dá réir. Tá na príomhcharachtair sna déaga nó sna fichidí luatha agus léiríonn an t-údar tuiscint orthu agus macántacht. Is í féiniúlacht an duine aonair an príomhthéama sa leabhar. Díol suntais do go leor daoine lán daoine ba ea an méid Béarla atá curtha isteach ach an údar, ach úsáidtear an dá theanga chun fíricí áirithe sochtheangeolaíocha a chur abhaile ar na léitheoirí, rud a bhaineann go dlúth le téamaí an úrscéil. Sa gcuid lárnach den leabhar is féidir a áiteamh gur bildungsroman é (agus an dá leabhar eile sa tríológ), nó léiriú ar aigne ann féin - ar nós an leabhair Bhéarla Tristam Shandy le Laurence Sterne.

Léirmheastóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor léirmheastóireachta déanta ar Cuaifeach mo londubh buí. Sampla is ea Séamas Mac Annaidh agus macallaí sa scáthán (BÁC: Cois Life, 2001) le Maolmhaodhog Ó Ruairc.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]