Crois na Rae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCrois na Rae

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°41′10″N 8°14′12″W / 52.686204°N 8.236721°W / 52.686204; -8.236721
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Thiobraid Árann Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie67247

Is baile suite i gContae Thiobraid Árann é Crois na Rae.[1]

Paróiste[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an sráidbhaile i bparóiste Caitliceach Chill Chuimín a' tSléibhe. Is amhlaidh go bhfuil baint ag an sráidbhaile le Cumann Sheáin Uí Threasaigh san iomáint. Séipéal miotail atá sa bhaile, a allmharaíodh ón mBreatain - áit ina raibh an foirgneamh in úsáid mar shéipéal Protastúnach.

Tá bunscoil agus reilig san áit. Tá sé ar an sráidbhaile is mó sa pharóiste, níos mó na Cluain Mhurchaidh agus Cill Chuimín.

Tá cumann sacair san áit.

Tírdhreach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceantar sléibhtiúil is ea é. Bhí an seanbhóthar idir Dhurlas agus Luimneach ag rith tríd an sráidbhaile seo. Tá iarsmaí stairiúla ar an taobh ó dheas den sráidbhaile ag Seanbhaile Éamoinn, áit ina bhfuil tuama cloiche ann.

Logainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go stairiúil Rae nó Réidh Ardnóige a bhí ar an áit. Botún cló ar chomhartha Béarla a crochadh os cionn na bunscoile (ionad pobail sa lá atá inniu ann) a thug Rearcross ar an áit don chéad uair i mBéarla, agus dá bharr san le himeacht aimsire glacadh le Rearcross agus an leagan Gaelaithe "Crois na Rae" i ngnóthaí oifigiúla. Is minic a chloistear Rae fós i gcaint na ndaoine ann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]