Cill Chuimín, Tiobraid Árann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Chuimín, Tiobraid Árann

Suíomh
Map
 52°41′28″N 8°08′52″W / 52.6911°N 8.14791°W / 52.6911; -8.14791
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Thiobraid Árann Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1414522

Is sráidbhaile é Cill Chuimín.[1] Tá sé suite i gContae Thiobraid Árann. Tá sé timpeall 30 ciliméadar as Durlas Éile. Bhí mainistir ann fadó ach anois tá gairdín naofa in aice leis an Eaglais. Tá teach ceilteach agus tobar naofa ann.

Tá an Cumann CLGThreasaigh lonnaithe sa pharóiste. Tá Rae agus Cluain Mhurchaidh (Áth an Chuilinn) sa pharóiste chéanna.

Tá Ionad Pobail nua-aimseartha, Tithe Tábhairne, Stáisiún Peitril, Uachtarlann agus gnóthaí eile i gCill Chuimín.

Tá an chuid is mó den sráidbhaile lonnaithe i gCeathrú an Teampaill ach tá an Cumann CLG agus an Stáisiún Peitril thíos an bóthair. Tá an Uachtarlann suite ar thaobh eile den sráidbhaile sa Réisc.

Bhí ionsaí ar an RIC i Mí na Nollag 1920 ar an mbóthar idir a stáisiún agus Ceathrú an Teampaill.


Tá siúlóid bhaile freisin. Téann sé ón mbaile suas go dtí an Cnoc Aifrinn. Bhí Aifreann ar siúil ag an gcnoc Aifrinn i rith na péindlithe.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]