Crois an Bharraigh
Crois an Bharraigh | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chorcaí | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 129497 |
Is sráidbhaile suite i gContae Chorcaí í Crois an Bharraigh.[1] Tá sé ar an R589 Bothár Réigiúnach i bParóiste Chnoic an Bhile-Inis Eonáin faoi sé cilímeader déag thiar ó Chathair Chorcaí agus deich gcilímeader ó oirthear Dhroichid na Bandan.
Sruthann an Abhainn Buí tríd an mbaile agus leanann sé go Carraig Uí Leighin agus téigh isteach na farraige.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla Luíochán Croise an Bharraigh i rith Chogaidh na Saoirse. Ar an 19 Márta 1921 d'ionsaigh baill d'Óglaigh na hÉireann dream saighdiúirí na Breatainne. D'eagraigh Tomás de Barra an t-ionsaí agus mharaigh na hÓglaigh timpeall 40 saighdiúir. Faraor maraíodh idir 3 agus 6 Óglaigh sa chomhrac.
Tamaill ó shin, bhí dhá stáisiún traenach sa cheantar: ceann i nGarraí Thancaird agus ceann i gCoill Éadaí. Ag an stáisiún seo bhí nasc idir an bpríomhlíne go Iarthar Chorcaí agus an líne go Cionn tSáile. Rith an t-iarnród go Droichead Bandan agus Iarthar Chorcaí trí Chrois an Bharraigh.
Áiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dhá scoil in aice leis an mbaile: ceann i gCnoc an Bhile agus ceann i nGarrán an Bháitéaraigh. Chomh maith leis sin tá siopa, naíolanna agus gáráistí mótair sa sráidbhaile.
Sa bhliain 2007 osclaíodh bóthar nua i gCrois an Bharraigh agus anois seachaintear Cuimhneachán Luíocháin Chrois an Bharraigh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Crois an Bharraigh/Cross Barry | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.