Critic an Ghlan-Réasúin
(de) Kritik der reinen Vernunft | |
---|---|
Cineál | Saothar fealsúnachta |
Cárta innéacs | |
Údar | Immanuel Kant |
Teanga | an Ghearmáinis |
Foilseachán | an Phrúis, 1781 |
Tréith | |
Príomhábhar | Kantachas, meitifisic, eipistéimeolaíocht agus fealsúnacht tharchéimnitheach |
Seánra | aiste |
Taispeánann sé/sí | Land der Wahrheit (Kant) (en) agus Sea of illusion (Kant) (en) |
Cuid den tsraith | |
Cuid de | Index Librorum Prohibitorum |
Eile | |
Aicmiú Leabharlann Comhdhála | B2775-B2779 |
Leabhar leis an bhfealsamh Gearmánach Immanuel Kant is ea Critic an Ghlan-Réasúin (Kritik der reinen Vernunft) (1781; an dara heagrán 1787). Tá an t-údar ag iarraidh teorainn agus réimse na meitifisice (staidéar fealsúnach ar bhunphrionsabail an tsaoil) a dheimhniú, agus luaitear an saothar freisin mar an gCéad Chritic. Foilsíodh Critic an Réasúin Phraiticiúil (1788) agus Critic an Bhreithiúnais (1790) ina dhiaidh sin. I réamhrá an chéad eagráin, deir Kant gurb í an chiall atá aige le “critic an ghlanréasúin” critic an réasúin i gcoitinne, maidir le gach eolas a mbeadh an réasún á lorg beag beann ar an eispéireas, agus go bhfuil sé de chuspóir aige féin a dhéanamh amach an féidir leis an meitifisic a bheith ann ar chor ar bith.
Baineann Kant tairbhe as saothar na bhfealsúna eimpíreacha, leithéidí John Locke agus David Hume, chomh maith le saothar na bhfealsúna réasúnaíocha, leithéidí Gottfried Wilhelm Leibniz agus Christian Wolff. Cuireann sé smaointe nua ar nádúr an spáis agus an ama in iúl agus féachann le sceipteachas Hume a shárú i dtaca le heolas ar chúis agus iarmhairt agus le sceipteachas René Descartes a shárú i dtaca le heolas ar an saol seachtrach. Déanann sé áitiú trí chuntas a thabhairt ar idéalachas tarchéimniúil na réad (mar fhordhreach) agus ar fhoirmeacha a bhfordhreacha. Níl sna réada féin ach samhlaoidí seachas rudaí iontu féin, agus níl sna foirmeacha ach rudaí atá braite ag ár n-iomas. Fágann seo go bhféadfadh eolas a priori a bheith ann, ó chaithfidh réada mar fhordhreach a bheith oiriúnach dár cognaíocht chun léargas éigin a fháil orthu sula gcuirtear in iúl dúinn iad. Tugann Kant eolas a priori ar eolas atá neamhspleách ar eispéireas, agus tugann sé eolas a posteriori ar eolas a fhaightear ón eispéireas. Is éigean do thairiscint a bheith ann mura féidir léi a bheith bréagach agus mura féidir í a fhrithrá gan neamhréireacht. Tá tairiscint uilíoch má tá sí fíor i ngach cás agus mura bhfeileann eisceachtaí di. Má fhaightear eolas a posteriori trí na céadfaí ní bhíonn éigeantas agus uilíochas ag baint leis, toisc go mb’fhéidir go dtiocfaimis ar eisceacht.[1]
Cuireann Kant síos ar an idirdhealú idir breithiúnais anailíseacha agus breithiúnais shintéiseacha.[2] Tairiscint anailíseach atá ann má tá “preideacháid-choincheap” na tairiscinte le fáil cheana laistigh den “tsuibiacht-choincheap” den tairiscint sin.[3] Mar shampla, is dóigh le Kant gur tairiscint anailíseach í an abairt “Tá gach corp sínte (i spás)” toisc go bhfuil an preideacháid-choincheap “sínte” le fáil cheana sa tsuibiacht-choincheap “corp”. Is cuid suntais iad breithiúnais anailíseacha toisc gur féidir a bhfírinne a aithint trí anailís a dhéanamh ar na coinchip atá iontu: tá siad fíor iontu féin. I gcás tairiscintí sintéiseacha, áfach, níl an preideacháid-choincheap le fáil sa tsuibiacht-choincheap. Mar shampla, is dóigh le Kant gur tairiscint shintéiseach í an abairt “Tá gach corp trom,” mar nach bhfuil an coincheap “troime” le fáil cheana sa choincheap “corp”.[4] Mar sin, cuireann breithiúnais shintéiseacha le coincheap, agus ní dhéanann breithiúnais anailíseacha ach a bhfuil laistigh den choincheap a mhíniú.
Roimh Kant, síleadh gurbh éigean d’eolas a priori a bheith anailíseach. Áitíonn Kant, áfach, go bhfuil an t-eolas atá againn ar mhatamaitic, ar bhunphrionsabail na heolaíochta nádúrtha agus ar mheitifisic idir a priori agus sintéiseach. Ní mór nádúr an eolais seo a mhíniú. Tá bunfhadhb na Critice le fáil sa cheist seo: “Conas is féidir breithiúnais shintéiseacha a priori a thabhairt?”[5] Deir Kant gur cúrsa báis nó beatha don mheitifisic agus do réasún an duine go mínítear an bun atá leis an eolas seo.[6]
Is beag aird a tugadh ar an gCritic nuair a foilsíodh í ach lochtaigh idir empírigh agus réasúnaithe í ina dhiaidh sin agus tharraing sí conspóid. Mar sin féin, is fada tionchar aici ar fhealsúnacht an Iarthair agus chuidigh sí le hidéalachas na Gearmáine a chur chun cinn. Tá meas ar an saothar mar bhuaic na gcéadta bliain d'fhealsúnacht luath-nua-aoiseach agus mar thús na fealsúnachta nua-aimseartha.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Kant, Immanuel. Critique of Pure Reason (The Cambridge Edition of the Works of Immanuel Kant). Aistrithe agus curtha in eagar ag Paul Guyer agus Allen W. Wood. Cambridge University Press, 1999: lch B4. ISBN 978-0-5216-5729-7
- ↑ Kant, op. cit., Réamhrá, Cuid IV, lgh A6/B10
- ↑ Kant, op. cit., lgh A6–7/B10–11
- ↑ Kant, op. cit., lch B12
- ↑ Kant, op. cit., lch B20
- ↑ Kant, op. cit., lch B20