Crith talún in iarthar Iáva san Indinéis, 2022
| |||||
| Cineál | crith talún tubaiste tubaiste nádúrtha | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 21 Samhain 2022 (13:21) | ||||
| Suíomh | Cianjur, An Indinéis | ||||
| Tír | an Indinéis | ||||
| Méadaíocht crith talún (Scála Móimint) | 5.6 | ||||
| Scála déine Mercalli | Mercalli scale VI (en) | ||||
| Doimhneacht ingearach | 11 km | ||||
| Líon básanna | 310 (25 Samhain 2022) | ||||
| Líon gortaithe | 2,046 (25 Samhain 2022) | ||||
| Líon ar iarraidh | íosmhéid 24 (25 Samhain 2022) | ||||
Tharla crith talún ar 21 Samhain 2022 i gceantar Cianjur in iarthar Iáva san Indinéis.
I gceantar sléibhe a bhí eipealár an chreatha talún, a raibh méid 5.6 ar an scála Richter ann.[1] Níl 5.6 chomh ard sin, ach tharla an crith ag doimhneacht éadomhain (tuairim is 10 km), rud a chuir treise leis an méid fuinnimh a scaoileadh amach i limistéar beag go leor agus bhfuil níl na tithíochta sa cheantar thar mholadh beirte . Rinneadh scrios mór de bharr sin. Mar bharr ar an mí-ádh, bhí sciorradh talún sa cheantar tar éis an chreatha talún agus mar sin bhí deacrachtaí ag na seirbhísí éigeandála cuidiú le daoine.[2]
Maraíodh 268 duine ar a laghad. B'éigean do bhreis agus 58,000 a dtithe a thréigean de bharr na tubaiste. Tugadh go leor daoine chuig an ospidéal áitiúil ach de cheal spáis b'éigean cóir leighis a chur ar a bhformhór faoi thóirsí sa charrchlós agus ar an mbóthar féin.[1]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sórt crosbhealaigh idir phlátaí teicteonacha atá sa cheantar sin in Iáva agus tharla go leor creathanna talún ann cheana.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-11-22). "268 duine ar a laghad maraithe sa chrith talún in Iáva" (as ga).
- ↑ Conradh na Gaeilge (26 Samhain 2022). "Nuchat Mhall (An Clár)" (as ga-IE).
