Crith talún in iarthar Iáva san Indinéis, 2022

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCrith talún in iarthar Iáva san Indinéis, 2022
Íomhá
Map
 6°51′11″S 107°05′42″E / 6.853°S 107.095°E / -6.853; 107.095
CineálCrith talún Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana21 Samhain 2022 (13:21) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCianjur, An Indinéis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Indinéis Cuir in eagar ar Wikidata
Méadaíocht crith talún (Scála Móimint)5.6 Cuir in eagar ar Wikidata
Scála déine MercalliMercalli scale VI (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach11 km Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna310 (25 Samhain 2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe2,046 (25 Samhain 2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon ar iarraidh íosmhéid 24 (25 Samhain 2022) Cuir in eagar ar Wikidata


Tharla crith talún ar 21 Samhain 2022 i gceantar Cianjur in iarthar Iáva san Indinéis.

I gceantar sléibhe a bhí eipealár an chreatha talún, a raibh méid 5.6 ar an scála Richter ann.[1] Níl 5.6 chomh ard sin, ach tharla an crith ag doimhneacht éadomhain (tuairim is 10 km), rud a chuir treise leis an méid fuinnimh a scaoileadh amach i limistéar beag go leor agus bhfuil níl na tithíochta sa cheantar thar mholadh beirte . Rinneadh scrios mór de bharr sin. Mar bharr ar an mí-ádh, bhí sciorradh talún sa cheantar tar éis an chreatha talún agus mar sin bhí deacrachtaí ag na seirbhísí éigeandála cuidiú le daoine.[2]

Maraíodh 268 duine ar a laghad. B'éigean do bhreis agus 58,000 a dtithe a thréigean de bharr na tubaiste. Tugadh go leor daoine chuig an ospidéal áitiúil ach de cheal spáis b'éigean cóir leighis a chur ar a bhformhór faoi thóirsí sa charrchlós agus ar an mbóthar féin.[1]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sórt crosbhealaigh idir phlátaí teicteonacha atá sa cheantar sin in Iáva agus tharla go leor creathanna talún ann cheana.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-11-22). "268 duine ar a laghad maraithe sa chrith talún in Iáva" (as ga). 
  2. Conradh na Gaeilge (26 Samhain 2022). "Nuchat Mhall (An Clár)" (as ga-IE).