Crith talún Háítí (2021)
Tharla crith talún i dTiburon, Háítí ar an 14 Lúnasa 2021, 7.2 ar scála Richter.[1] Fuair níos mó ná 2,000 duine bás, agus b'fhéidir i bhfad níos mó. Bhí na mílte teach cónaithe agus foirgneamh scriosta ag an gcrith. Bhuail stoirm mhór thropaiceach an tír ar an 16/17 Lúnasa.
Bhí an tír ina cíor thuathail amach is amach roimh an crith talún agus t-ainrialachas i réim timpeall na tíre. Feallmharaíodh an t-uachtarán Jovenel Moïse ina áras cónaithe sa phríomhchathair Port-au-Prince ar 7 Iúil 2021. Bhí an tír faoi sceimhle ag na geaingeanna. Bhí dronga d'ógánaigh ag guairdeall thart faoin gceantar Tiburon. Mar sin, bhí sé deacair idirghabhálacha faoi ainm na cabhrach daonnúla a chur i mbun.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ RTÉ Nuacht (2021-08-16). "Breis is 1,200 marbh ag an gcrith talún i Haiti" (as ga).
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |