Crios na ngéag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Na cnámha a nascann creatlach na ngéag leis an gcreatlach aise. Maidir leis an ngéag uachtarach, bíonn an crios (an slinneán is an dealrachán, sa chás seo) nasctha le creatlach na haise ag an alt steirnidhealrachánach. Is matánach na ceangail eile ionas go mbíonn soghluaisteacht thar an ngnáth ag an ngualainn is an ghéag uachtarach. Sa ghéag íochtarach bíonn 3 chnámh an chreasa (an t-iliam, an t-isciam, agus an chnámh phúbasach) cónasctha le chéile mar chnámh an chromáin, agus nasctha leis an gcreatlach aise tríd an sacram ag an alt saicriliach, go mbíonn soghluaiseacht an-teoranta aige. Tá aon ghluaiseacht idir creatlach na haise is cnámh an chromáin an-teoranta, mar sin, rud is gá chun gur féidir leis an ngéag íochtarach a bheith éifeachtach in iompar na colainne agus gluaiseacht na colainne ina hiomláine.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Crios na ngéag". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 181.