Creidim Ionat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tionscnamh teanga comhoibríoch ar líne atá in Creidim Ionat atá dírithe ar fheasacht fhorleathan faoin nGaeilge agus úsáid laethúil na Gaeilge a chothú. Sa bhliain 2023 a cuireadh tús leis. Tionscnamh de chuid Fhoras na Gaeilge i gcomhpháirtíocht le RTÉ atá ann trína n-iarrtar ar chách a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge sprioc teanga a roghnú le hí a bhaint amach, le cúnamh ó mheantóir agus ón réimse leathan acmhainní atá ar fáil mar chuidiú. Na spriocanna ná rudaí ar nós roinnt nathanna cainte nua a úsáid, amhrán Gaeilge a fhoghlaim, nó leabhar Gaeilge a léamh.

Is é Aindriú de Paor, léiritheoir agus láithreoir le RTÉ 2FM, Sinéad Ní Uallacháin, láithreoir Beo ar Éigean, príomhláithreoirí an fheachtais sa bhliain 2024. Cuirfidh Aindriú de Paor oiliúint ar The 2 Johnnies ar a n-aistear Gaeilge i dtreo na sprice atá acu chun ‘When I Play For County’ a chanadh as Gaeilge beo ar an aer don náisiún, agus beidh Sinéad Ní Uallacháin ag taisteal fud fad an oileáin chun fáil amach faoin úsáid a bhaineann pobail as an nGaeilge.