Jump to content

Creamh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCreamh
Allium ursinum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deplanda inite Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcapsúl Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsparagales
FineAmaryllidaceae
TreibhAllieae
GéineasAllium
SpeiceasAllium ursinum Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósbéar donn Cuir in eagar ar Wikidata

Is planda bláthanna ilbhliantúil san fhine Amaryllidaceae é Allium ursinum, ar a dtugtar creamh go coitianta i nGaeilge.[1] Tá sé dúchasach don Eoraip agus don Áise, áit a bhfásann sé i gcoillte taise. Is gaol fiáin é d'oinniún agus gairleog, atá sa ghéineas céanna, Allium. Tá dhá fhospeiceas aitheanta ann: A. ursinum fosp. ursinum agus A. ursinum fosp. ucrainicum.[2]

Ciallaíonn an sainainm Laidine ursinumbéar”, toisc go dtaitníonn bleibeanna an phlanda leis an mbéar donn.[2] Teoiric eile atá ann ná gur tagairt don réaltbhuíon Ursa Major é ursinum, toisc go raibh A. ursinum ar cheann de na speicis Allium is faide ó thuaidh a bhí ar eolas ag na Sean-Ghréagaigh,[2] cé go bhfuil easaontas ann faoin hipitéis seo.[3] Déanann ainmneacha coitianta ar an bplanda i go leor teangacha tagairt do bhéir.[4]

  1. “Allium ursinum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. 2.0 2.1 2.2 Sobolewska (2015). "Allium ursinum: botanical, phytochemical and pharmacological overview". Phytochemistry Reviews 14 (1): 81–97. doi:10.1007/s11101-013-9334-0. ISSN 1568-7767. PMID 25774103. 
  3. Kolosova (2017-02-21). "The bear in Eurasian plant names: motivations and models". Journal of Ethnobiology and Ethnomedicine 13 (1): 14. doi:10.1186/s13002-016-0132-9. ISSN 1746-4269. PMID 28222790. 
  4. Ramsons names - Encyclopedia of Life”. eol.org. Dáta rochtana: 2021-02-17.