Crónán Ros Cré

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCrónán Ros Cré
Beathaisnéis
Bás28 Aibreán 640

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Lá féile28 Aibreán Cuir in eagar ar Wikidata

Easpag agus pátrún Dheoise Ros Cré (cuid de Dheoise Chill Dalua níos déanaí) ab ea Naomh Crónán (a fuair bás sa bhliain 640).[1] Ní ionann é agus naomh eile a mhair in aon aimsir leis, Naomh Crónán Mochua a d’éag in 637.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Crónán i dtuath Éile. Odhran an t-ainm a bhí ar a athair, agus ba as iarthar an Chláir a mháthair.[2] Tar éis dó a óige a chaitheamh i gConnachta, d’fhill sé ar a dhúchas timpeall na bliana 610 agus bhunaigh sé Mainistir Ros Cré, áit ar bhunaigh sé scoil.[3] Chuir sé faoi in áit ar a dtugtar Sean Ros nó Loch Cré, seascann coille iargúlta. Bhí sé chomh hiargúlta sin gur minic a rachadh oilithrigh ar strae. Mar thoradh air sin, thréig Naomh Crónán an áit agus bhog sé go Ros Cré, Contae Thiobraid Árann.[1]

Naomhsheanchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosúil le go leor naomh Éireannach eile, cuirtear mórán míorúiltí i leith Naomh Crónán. An scéal is iontaí, b’fhéidir, ná an ceann a bhaineann le tras-scríobh na gCeithre Soiscéal a rinne ceann dá chuid manach, fear darb ainm Dioma, a bhfuil baint aige leis an lámhscríbhinn ar a dtugtar Leabhar Dhioma anois. Dealraíonn sé nach bhféadfadh Dioma ach tasc amháin a dhéanamh i lá amháin, ó thurgbháil go fuineadh na gréine. D'iarr Crónán air scríobh, agus ansin chuaigh Dimma i mbun pinn, gan scor go dtí gur chríochnaigh na Ceithre Shoiscéal, an ghrian ag taitneamh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, gan fhios don scríobhaí féin gur thóg an jab níos mó ná lá amháin.

Óraíodh an cás ina bhfuil Leabhar Dioma ar ordú Uí Chearúil, an Tiarna Éile, sa dara haois déag. D’ainneoin na ráiteas contrártha a d’eascair as líon na naomh Éireannach comhaimseartha a raibh an t-ainm Crónán orthu, is dócha gur mhair Crónán Ros Cré go dtí an bhliain 640, agus go bhfuair sé bás ar an 28 Aibreán an bhliain sin.

Is é Crónán pátrún Ros Cré, Contae Thiobraid Árann; is é an 28 Aibreán a lá féile. [4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Grattan-Flood, William. "Cronan." The Catholic Encyclopedia. Vol. 4. New York: Robert Appleton Company, 1908. 14 Jan. 2013
  2. "St. Cronan", Roscrea Online”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 November 2017. Dáta rochtana: 13 May 2013.
  3. Gwynn (1979). "Medieval Religious Houses Ireland". London: Longman. 
  4. "Saint Cronan". New Catholic Dictionary CatholicSaints.Info. 16 September 2012