Cork City Football Club

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cork City F.C.
Peil
City, Rebel Army
Sainchomharthaí
Éidí
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
As baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Triú
Dathanna: Glas - Bán - Dearg
Sonraí ginearálta
Cathair: Corcaigh
Tír: Éire
Cónaidhm: UEFA
Sraith: Sraith na hÉireann
Bunaithe: 1984
Cathaoirleach: Declan Carey [1]
Traenálaí: Neale Fenn
Staidiam: Crosaire Tuirnéir
(7485 áit)
Suíomh: http://www.CorkCityFC.ie/

Club peile is ea Cork City Football Club (Cumann Peile Chathair Chorcaí as Gaeilge) i gCorcaigh, Éire. D'imir sé sa staid Crosaire Tuirnéir (Béarla: Turner's Cross). Bunaíodh an club sa bhliain 1984. Sna séasúir 2008 agus 2009, bhí fadbhanna airgeadais ag an gclub. Mhair Cathair Chorcaí tríd tréimhse scrúdaitheoireachta i 2008[2], ach d'fhan na fadhbanna an bhliain dár gcionn faoi úinéireach Tom Coughlan. Bhí an club mar íospartach roinnt cásanna san Ard Chúirt de bharr Coughlan, leis an gCoimisinéir Ioncaim ag iarraidh ordú foirceanta a fháil amach orthu.[3][4] Sábháladh iad sa nóiméad deireanach.[5] Arís, níor dheireadh leis an tubaiste a bhí ag tarlú agus i bhFeabhra 2010, lánscoireadh an cuideachta shealbhaíochta (Cork City Investments Fc Ltd).[6][7]

Níor dheireadh le Chumann Peile Chathair Chorcaí, áfach. Bunaíodh iontaobhas dar ainm FORAS (Friends Of the Rebel Army Society) i 2007 agus lánsáileadh i 2008 é, nuair a bhí an club i scrúdaitheoireacht.[8] Cuireadh iarratas isteach go dtí Cumann Peile na hÉireann chun imirt sa Chéad Rannán, sa chás nach bhfaighidh Tom Coughlan ceadúnas chun imirt i Sraith na hÉireann. Sin cad a tharla, agus fuair FORAS an ceadúnas i bhFeabhra 2010.[9] De bharr nach raibh cearta na hainm agus stair Chathair Chorcaí ag FORAS sular cuireadh an iarratas isteach, bhí orthu imirt faoin ainm 'Cork City FORAS Co-op' don séasúr. I Meitheamh 2010, cheannaigh FORAS ainm agus cearta intleachtóra do Chumann Peile Chathair Chorcaí[10] agus bhí cead acu imirt faoin ainm sin sa séasúr 2011 arís.

Úinéireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an chlub faoi úinéireacht FORAS (Friends Of the Rebel Army Society)[11], iontaobhas lucht tacaíochta a bhunaíodh i 2007. Toghann na hIontaobhaithe Bord Bainistíochta chun an chlub a rith, ach is ar Cruinniú Cinn Bhliana (nó Cruinniú Cinn Urghnách) a mbíonn na socruithe tabhachta déanta.

Imreoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foireann na Sinsear 2019 [12][cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1 Mark McNulty
  • 2 Colm Horgan
  • 3 Alan Bennett
  • 6 Gearóid Morrissey
  • 7 Eoghan Stokes
  • 8 Conor McCormack
  • 9 Mark O'Sullivan
  • 10 Garry Buckley
  • 11 Daire O'Connor
  • 14 Ronan Hurley
  • 16 Alec Byrne
  • 17 Gary Boylan
  • 19 Karl Sheppard
  • 20 Shane Griffin
  • 21 Conor McCarthy
  • 22 Joel Coustrain ar iasacht ó Shamrock Rovers
  • 23 Tadhg Ryan
  • 24 Cian Murphy
  • 25 Kevin O’Connor ar iasacht ó Preston North End
  • 26 Dan Casey
  • 27 Pierce Phillips
  • 33 Darragh Crowley

Foireann na Mná 2019 [13][cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2 Nathalie O'Brien
  • 3 Danielle Burke
  • 4 Ciara McNamara
  • 5 Savannah McCarthy
  • 6 Maggie Duncliffe
  • 7 Christina Dring
  • 8 Eadaoin Lyons
  • 9 Katie McCarthy
  • 10 Saoirse Noonan
  • 11 Éabha O'Mahoney
  • 13 Maria O'Sullivan
  • 14 Rachel O'Regan
  • 15 Zara Foley
  • 16 Stacey Paul O'Regan
  • 17 Riona Crowley
  • 18 Sophie Liston
  • 19 Lauren Egbulonui
  • 20 Shaunagh McCarthy
  • 21 Emma Farmer
  • 22 Kate O'Donovan
  • 24 Sarah Jone
  • 25 Abby McCarthy
  • 26 Liz O'Connor

Onóracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liosta trófaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Trófaí Bliain
Sraith na hÉireann 1992–93, 2005, 2017
Céad Roinn Sraith na hÉireann 2011
Corn Cumann Peile na hÉireann 1998, 2007, 2016, 2017
Corn Sraithe na hÉireann 1987–88, 1994–95, 1998–99
Corn an Uachtaráin 2016, 2017, 2018
Corn Cumann Peile na hÉireann na mná 2017
Corn Sinsearach na Mumhan 1987–88, 1989–90, 1990–91, 1991–92, 1992–93, 1993–94, 1996–97, 1997–98, 1998–99, 1999–2000, 2000–01, 2001–02, 2002–03, 2003–04, 2004–05, 2008, 2017, 2018, 2018-19
Corn Setanta Sports 2008
Craobhchomórtais A 2008
Corn an dochtúra Tony O'Neill 2002–03, 2003, 2008–09, 2011–12, 2012–13, 2013–14, 2015
Corn Enda McGuill 2004, 2006, 2011–12, 2012–13, 2016
Corn na nÓg 2000, 2006, 2009, 2011
Sraith Faoi 19 2011-12, 2012-13, 2013-14, 2015
Corn Faoi 19 2011-12, 2012-13, 2016
Sraith Faoi 17 2017
Sraith Náisiúnta na Teascach 2018
Corn Futsal FAI 2009

Curiarrachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sraith na hÉireann
An bua is mó (a) v Athlone Town 7–0, 10 Méan Fómhair 2011
An cailleadh is mó (a) v Derry City 2–7, 27 Lúnasa 1987
Sraith cluichí gan chailleadh 24, 1 Aibréan 1990 – 13 Eanair 1991
Sraith buanna 12, 24 Feabhra 2017 – 5 Bealtaine 2017
Láithris
Iomlán John Caulfield – 455
Láithris is mó ag tosnú John Caulfield – 376
Láithris is mó mar ionadaí John Caulfield – 79
Sraith láithris is mó Mark McNulty – 147
Cúil
Iomlán John Caulfield – 129, Pat Morley – 129
I séasúr amháin Graham Cummins – 24 – 2011, Pat Morley – 20 (foai dhó), Seán Maguire - 20
I gcluiche amháin Ciarán Kilduff – 4 i gcoinne Shelbourne, 10 Deireadh Fómhair 2013
Clean Sheets Phil Harrington – 112
Cúil in Eoraip
Iomlán Seán Maguire – 5

Halla an Laoch[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Ionduchtaí
2006 * Dave Barry
2006 Patsy Freyne
2007 Declan Daly
2007 Phil Harrington
2008 John Caulfield
2008 Pat Morley
2009 Liam Murphy
2009 Colin T O'Brien
2010 Dave Hill
2010 Derek Coughlan
2011 Fergus O'Donoghue
2012 Philip Long
2015 Billy Woods
2017 Stephen Napier
2018 Patrick Shine
* Bunaíodh Halla an Laoch i 2006.[14]


Traenálaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain/ Bliana Traenálaí
1984 Bobby Tambling
1984–1985 Tony 'Tucker' Allen
1986 Noel O'Mahoney
1987 Eamon O'Keefe
1988–1992 Noel O'Mahoney
1992–1993 Damien Richardson
1993–1994 Noel O'Mahoney
1994–1995 Rob Hindmarch
1995–2000 Dave Barry
2000 Colin Murphy
2000 Derek Mountfield
2000–2003 Liam Murphy
2003–2004 Pat Dolan
2005–2007 Damien Richardson
2008 Alan Mathews
2009 Paul Doolin
2010 Roddy Collins
2010–2013 Tommy Dunne
2013 Stuart Ashton (idirlinne)
2014–2019 John Caulfield
2019 anuas Neale Fenn


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cork City i gcoinne an Réalta Dhearg sa bhliain 2006.