Cordafón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cordafón

Aon ghléas ceoil ina ndéantar an fhuaim le crith sreinge nó sreang. Is rang gléasanna ceoil é i gcóras caighdeánach rangaithe Hornbostel is Sachs (1914). Fo-roinntear na cordafóin in dhá roinn: iad sin gan athshonadóirí nó le hathshonadóirí is féidir a bhaint amach chun na sreanga a fhágáil ina n-ionad (na cordafóin shimplí: pianó, siotar is eile), agus iad sin le hathshonadóir mar chuid riachtanach de a choinníonn na sreanga ina n-ionad (na cordafóin chomhshuite: veidhlín, liút is eile). Is féidir na fo-ranna a fhoroinnt a thuilleadh: de réir mar a sheinntear na sreanga, le boghú, piocadh nó bualadh, mar shampla. Tá gléasanna áirithe méarchláir (mar shampla, an t-orgán) agus gléasanna áirithe a bhoghaítear (mar shampla, an sábh ceolmhar) nach cordafóin iad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cordafón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 173.