Corazon Aquino

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCorazon Aquino

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(es) María Corazón Sumulong Cojuangco
Beathaisnéis
Breith25 Eanáir 1933
Paniqui, Na hOileáin Fhilipíneacha Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Lúnasa 2009
76 bliana d'aois
Makati, Na hOileáin Fhilipíneacha Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse cholaireictach)
Áit adhlacthaManila Memorial Park Sucat (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
11 Uachtarán na nOileán Filipíneach
25 Feabhra 1986 – 30 Meitheamh 1992
← Ferdinand MarcosFidel V. Ramos → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síSt. Scholastica's College (en) Aistrigh
Far Eastern University (en) Aistrigh
College of Mount Saint Vincent (en) Aistrigh
Ollscoil Ateneo de Manila Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Tagálaigis
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, gníomhaí ar son chearta an duine Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Liobrálach na nOileán Filipíneach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Tagálaigis
Teaghlach
CéileBenigno Aquino Jr. Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBenigno Aquino III, Pinky Aquino-Abellada, Ballsy Aquino-Cruz, Kris Aquino, Viel Aquino-Dee Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJosé Cojuangco  agus Demetria Sumulong
SiblínJosephine C. Reyes agus Jose Cojuangco, Jr.
Síniú

Suíomh gréasáincoryaquino.ph Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 55711d42-3d3a-4c61-aa7b-7340b9358db2 Find a Grave: 40109083 Cuir in eagar ar Wikidata

Uachtarán ar Phoblacht na nOileán Filipíneach ab ea Maria Corazon "Cory" Sumulong Cojuangco Aquino (25 Eanáir, 19331 Lúnasa, 2009), idir na blianta 1986 agus 1992. Tugtar "Máthair an Daonlathais" uirthi, agus ba ise an chéad bhean a bhí ina huachtarán sa tír seo, nó in aon tír eile san Áise.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Aquino isteach sa pholaitíocht don chéad uair nuair a feallmharaíodh a fear céile, an Seanadóir Benigno Aquino, Jr. (1932–1983), agus é ag iarraidh deireadh a chur le ceannasaíocht uathlathach an Uachtaráin Ferdinand Marcos.

Toghchán 1986[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé nach raibh aon taithí polaitiúil aici agus nach raibh inti ach bean tí simplí, mar a dúirt sí féin, d'éirigh sí chun a bheith mar an duine ba shuntasaí sa ghluaiseacht in aghaidh Marcos. Chuaigh sí isteach san iomaíocht mar iarrthóir sna toghcháin uachtaránachta sa bhliain 1986.

Nuair a chaill Aquino an toghchán Uachtaránachta, bhí formhór mór na bhFilipíneach den tuairim go raibh torthaí na vótála cóirithe ag Marcos. D'éirigh cuid de na fórsaí armtha amach in aghaidh Marcos, agus fuair siad tacaíocht na sibhialtach, a chuaigh amach sna sráideanna ag agóidíocht.

Sa deireadh thiar thall, b'éigean do Marcos an tír a fhágáil, agus gaireadh Uachtarán de Corazón Aquino.

Insealbhú, 1986

Fógraíodh Marcos mar bhuaiteoir, ach tuairiscíodh go raibh calaois toghcháin ag baint leis, agus insealbhaíodh ina huachtarán í tar éis "réabhlóid" síochánta.

Fuair Aquino ainmniúchán do Duais Nobel na Síochána sa bhliain seo, agus roghnaíodh í mar "Bhean na Bliana" san iris Time.

1986

Uachtaránacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

In huachtarán di, cuireadh an daonlathas ar ais i bpolaitíocht na tíre. Dréachtaíodh bunreacht nua a chuir srianta ar chumhachtaí an uachtaráin agus a chuir béim níos mó ar shaoirsí shibhialta.

Ag an am céanna, chuir iarrachtaí ón airm éirí amach a dhéanamh go mór isteach ar a théarma mar uachtarán, rud a chuir stad le filleadh iomlán ar shocracht pholaitiúil agus ar fhorbairt gheilleagrach.

An freasúra[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh na réabhlóide seo féin - Réabhlóid EDSA, mar a thugtar uirthi (is ionann EDSA agus Epifanio de los Santos Avenue, an tsráid is mó i Mainile) - níor tháinig mórán feabhais ar chúrsaí na tíre. Nuair a bhí Aquino ina hUachtarán, bhí iar-lucht leanúna Marcos ag bagairt coup d'état uirthi ó am go ham.

2003

Na treallchogaithe Cumannacha a bhí ag troid go brúidiúil faoin tuath ó laethanta Marcos anuas, níor éirigh siad as an gcath i ndiaidh Réabhlóid EDSA, agus mar aisfhreagra, tháinig gluaiseacht fhoréigneach fhrith-Chumannach, Alsa Masa[1], ar an bhfód agus í ag ionsaí is ag marú daoine éigiontacha go minic ar an tsiocair gur "Cumannaigh" a bhí iontu.

Níos déanaí, thosaigh an mionlach Moslamach féin ag dul chun cearmansaíochta ar an rialtas agus dreamanna treallchogaíochta a chur ar bun.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Aquino ag fulaingt le hailse le tamall fada, agus déag sí dá bharr ar an 1 Lúnasa, 2009.

2009

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]