Benigno Aquino Jr.

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
"Ninoy" Aquino

Ba cinnire an fhreasúra sna Oileáin Fhilipíneacha é Benigno Simeon "Ninoy" Aquino Jr. sna 1980idí.

Ar an 21 Lúnasa 1983 i Mainile, dúnmharaíodh Aquino ar an aerfort, díreach i ndiaidh dó filleadh ón deoraíocht go Mainile[1]. Chuir an dúnmharú fearg ar go leor daoine sna hOileáin, agus iad suite siúráilte gurbh é an tUachtarán Marcos a d'íoc pá na ndúnmharfóirí.

Chuaigh baintreach an fhir mhairbh, Corazón "Cory" Aquino, i gceannas ar an bhfreasúra. Faoi bhrú an fhreasúra, thoiligh an tUachtarán Marcos le toghcháin a eagrú sa bhliain 1986.

B'í Corazón Aquino iarrthóir an fhreasúra. Nuair a chaill sí an toghchán Uachtaránachta, bhí formhór mór na bhFilipíneach den tuairim go raibh torthaí na vótála cóirithe ag Marcos. D'éirigh cuid de na fórsaí armtha amach in aghaidh Marcos, agus fuair siad tacaíocht na sibhialtach, a chuaigh amach sna sráideanna ag agóidíocht. Sa deireadh thiar thall, b'éigean do Marcos an tír a fhágáil, agus gaireadh Uachtarán de Corazón Aquino.

I ndiaidh na réabhlóide seo féin - Réabhlóid EDSA, mar a thugtar uirthi (is ionann EDSA agus Epifanio de los Santos Avenue, an tsráid is mó i Mainile) - níor tháinig mórán feabhais ar chúrsaí na tíre. Nuair a bhí Aquino ina hUachtarán, bhí iar-lucht leanúna Marcos ag bagairt coup d'état uirthi ó am go ham. Na treallchogaithe Cumannacha a bhí ag troid go brúidiúil faoin tuath ó laethanta Marcos anuas, níor éirigh siad as an gcath i ndiaidh Réabhlóid EDSA, agus mar aisfhreagra, tháinig gluaiseacht

Corazón Aquino, 15 M.F. 1986

fhoréigneach fhrith-Chumannach, Alsa Masa[1], ar an bhfód agus í ag ionsaí is ag marú daoine éigiontacha go minic ar an tsiocair gur "Cumannaigh" a bhí iontu. Níos déanaí, thosaigh an mionlach Moslamach féin ag dul chun cearmansaíochta ar an rialtas agus dreamanna treallchogaíochta a chur ar bun.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. https://www.youtube.com/watch?v=1vADEDZpetY