Conus ambiguus
Conus ambiguus | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() Léaráid na blaoisce Conus ambiguus ó thuairisc bhunaidh den tíopa
| |||||||
Aicmiú eolaíoch | |||||||
| |||||||
| |||||||
|
Speiceas seilide farraige is ea Conus ambiguus, (Gaeilge: An Cón Éiginnte), moileasc mara gastrapódach sa bhfine Conidae, na seilidí coirceogacha agus a gcuid gaoil.
Cosúil le gach speiceas laistigh den ghéineas Conus, is ainmhithe creiche agus nimhiúla iad. Tá siad in ann ga a chur i ndaoine, dá bhrí sin ba chóir cinn bheo a láimhseáil go cúramach nó iad a fhágáil.
Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba é Lovell Augustus Reeve, sa bhliain 1844 a chéad d'aimsigh agus a rinne sur sos ar Conus ambiguus, sa dá theanga Laidin agus Béarla i dhá théacs comhionann.
Chuir Reeve síos air mar a leanas:
“ |
The Doubtful Cone. Shell turbinated, smooth, ridged towards the base, rather obsoletely engraved with very fine, festooned, longitudinal lines; white, palely stained with light brown; spire obtusely convex, slightly canaliculated, ornamented with arched brownish spots; apex raised and pointed. |
” |
Tá blaosc bhán ag Conus ambiguus, le bannaí doiléir, donn éadrom, agus le fadstríocáin. Tá an spuaic ornáideach le spotaí dronnacha scothdhonn .
Tá an bhlaosc 1.5 orlach (38 mm).
Ta toisí na blaoisce den eiseamláir chineáil 39 x 22 mm.[1] Tá eiseamláir an chineáil stóráilte i Zoölogisch Músaem Amstardam (ard-Mhúsaem na Zó-eolaíochta ag an Ollscoil Amsterdam).
Dáileadh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ní raibh an cineál cheantar sonraithe ag Reeve. Tarlaíonn an speiceas seo san Aigéan Atlantach amach ó Iarthar na hAfraice (an tSeineagáil, Guine Bissau), ó na hoileáin Rinn Verde Oileáin agus Angóla.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cuimsíonn an t-alt seo an téacs fearainn phoiblí ó thagairtí.[2]
- ↑ "Conus ambiguus Reeve, 1844". The Conus Biodiversity website, accessed 20 March 2010.
- ↑ Tryon G. W. (1884). Manual of Conchology, structural and systematic, with illustrations of the species. Volume 6. Conidae, Pleurotomidae. page 13. Plate 3, figure 41-42.