Contae Henderson, Carolina Thuaidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
"Connemara", in Flat Rock, an teach inar chaith Carl Sandburg, file, na blianta deiridh dá shaol
Suíomh Contae Henderson

Is contae Meiriceánach é Contae Henderson atá suite i stát Carolina Thuaidh. Sa bhliain 2013, bhí daonra 109,540 duine ann. Is é Hendersonville príomhbhaile an chontae. Tá an contae suite sna Sléibhte Blue Ridge in iardheisceart an stáit ar an teorainn le Carolina Theas.

Le linn Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe, rinne 1,296 fear as an gcontae seirbhís in Arm na Cónaidhme agus 130 in Arm an Aontais. Tháinig fás mór ar dhaonra an chontae ag tosnú sna 1960idí: Bhí 36,163 duine ina gcónaí ann sa bhliain 1960.