Conradh Ribbentrop-Molotov
Cineál | non-aggression pact (en) secret treaty (en) |
---|---|
Bailíocht | 1939 - |
Tréimhse | 23 Lúnasa 1939 - 22 Meitheamh 1941 |
Dáta na bliana | 23 Lúnasa 1939 |
Daingniú | |
Teacht i bhfeidhm | 31 Lúnasa 1939 |
Bunaithe ar | Treaty of Berlin (1926) (en) |
Suíomh | Moscó, An Rúis |
Rannpháirtí | |
Sínitheoir | Joachim von Ribbentrop Ina hionadaí do: Gearmáin na Naitsithe Vyacheslav Molotov Ina hionadaí do: an tAontas Sóivéadach |
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Ghearmáinis agus an Rúisis |
Is cúis le | ionradh na Sóivéadach ar an bPolainn Cogadh an Gheimhridh |
Ba chonradh idir an Ghearmáin agus Aontas na Sóivéadach é Conradh Ribbentrop-Molotov. "Socrú Neamhionsaithe Gearmánach-Sóivéadach" ab ea ainm oifigiúil an chonartha. Síníodh an conradh i Moscó i 1939.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis an Chéad Chogadh Domhanda, bhí dhá chúlú eacnamaíochta sa Ghearmáin - an Tréimhse Hipearbhoilscithe i 1923 agus an Spealadh Mór i 1929. Tar éis dóibh, tháinig Adolf Hitler agus na Naitsithe i gcumhacht agus scrios siad na cumannaithe. Ag an am céanna, bhí rialtas ollsmachtach i bhfeighil in Aontas na Sóivéadach agus taispeánadh bolscaireacht fhrithfhaisisteach go rialta. B'ionadh mór é nuair a shínigh Joachim von Ribbentrop agus Vyacheslav Molotov an socrú neamhionsaithe i 1939.
Sa chonradh seo, d'aontaigh na tíortha an Pholainn a roinnt eatarthu. Chomh maith leis sin, aontaíodh go mbeadh réimse tionchair ag Aontas na Sóivéadach ar an bhFionlainn, an Liotuáin, an Laitvia, an Eastóin agus an mBasaráib. Síníodh comhaontú trádála freisin. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, rinne na Gearmánaigh ionradh ar an bPolainn. Thóg na Sóivéadaigh na stáit Bhaltacha agus rinne siad iarracht an Fhionlainn a thógáil i gCogadh an Gheimhridh ach theip orthu.