Conleth Bradley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaConleth Bradley
Beathaisnéis
BreithContae Ard Mhacha Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste (–1992) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheCairlinn
Gníomhaíocht
GairmBreitheamh Ard-Chúirte (2023–), ardabhcóide Cuir in eagar ar Wikidata

Is abhcóide sinsearach Éireannach agus Breitheamh Ard-Chúirte é Conleth Bradley SC. Tá dochtúireacht sa rialachas aige agus tá róil ardcheannasaíochta glactha aige ar bhoird agus in eagraíochtaí éagsúla.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó céim a bhaint amach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste sa bhliain 1992, agus sula ndeachaigh sé i mbun staidéir mar abhcóide in Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath, d’oibrigh sé go deonach le Andy Pollack, Stiúrthóir “Initiative 92 – the Citizens’ Inquiry” as ar eascair Tuarascáil Opsahl maidir le Tuaisceart Éireann. Chuaigh sé ar Bord Ionad Síochána agus Athmhuintearais Ghleann Crí i mí na Samhna 2022. Bíonn Conleth ag cleachtadh i ngach réimse den dlí poiblí, lena n-áirítear an dlí riaracháin, an dlí bunreachtúil, dlí an Aontais Eorpaigh, an dlí rialtais áitiúil, binsí fiosrúcháin, éisteachtaí ó bhéal le haghaidh olltionscadail iompair, coistí Oireachtais agus ionchoisní. Is é údar Judicial Review (1999) (Thomson Reuters) é agus an téacsleabhar Public Law (Vol. I): Judicial Review – Context, Themes & Principals, atá le foilsiú mí Dheireadh Fómhair, 2023. Ba é an t-eagarthóir comhairleach é ar Hughes & Hughes, International Protection Act 2015: Annotated (2020). Roimhe sin bhí Conleth ina scrúdaitheoir seachtrach i nDlí Bunreachtúil na hÉireann ar chúrsa Céime na nAbhcóidí in Óstaí an Rí agus tá sé ina scrúdaitheoir seachtrach ar an Ard-Dioplóma sa Phleanáil agus Dlí Timpeallachta in Óstaí an Rí. Is minic a fhónann sé ar bhoird agallaimh don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, go háirithe don tSeirbhís Cúirteanna agus Oifig an Ard-Aighne. Ba é ionadaí Chomhairle Bharra na hÉireann é ar Bhord Achomharc Óstaí an Rí idir 2000 (bliain a bhunaithe) agus 2022.

Roimhe sin, bhí Conleth ina chomhalta den Fhóram um Pribhléidí Parlaiminteacha, ina Choimisinéir um Chearta an Duine, ina Chathaoirleach ar an mBord Achomharc um Cheadúnais Dobharshaothraithe, ina chomhairleoir dlí do Chathaoirleach an Bhoird Reifrinn um Shaoránacht Éireannach, agus ina Chathaoirleach ar Bhord Eisíocaíochtaí Chiste na gCuntas Díomhaoin.

Ceapadh é ina Bhreitheamh Ard-Chúirte i nDeireadh Fómhair na bliana 2023.

Saol Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as Ard Mhacha dó agus oibríonn sé i mBaile Átha Cliath. Tá sé ina chónaí i gCairlinn i gContae Lú. Tá sé pósta ar Róisín Toal agus tá ceathrar clainne orthu.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]