Comhla solais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiste optúil nó mheicniúil chun an oiread solais a tharchuireann córas optúil a rialú. Eagar amháin chuige is ea dhá scagaire polarúcháin, ceann i ndiaidh an chinn eile, ar bhealach an tsolais agus ceann díobh rothlach. Nuair a rothlaítear an scagaire seo, athraítear an codán den solas a tharchuirtear. Nuair a bhíonn an dá scagaire ag dronuillinn le chéile, ní tharchuirtear solas ar bith. Bealach eile a úsáidtear i bhfístheilgeoirí is ea taispeántas leachtchriostail (LCD), agus modhnaítear an léas solais le híomhá leictreonach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhla solais". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 165.