Comhghaolú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhghaolú

Sa mhatamaitic, tomhas ar an oiread a bhfuil gaol líneach idir dhá athróg. I sraith sonraí (xi, yi) le dialltaí x is y, sx is sy, is comhathraitheas sxy, sainmhínítear an chomhéifeacht chomhghaolaithe mar r = sxy/sxsy. Má bhíonn r gar do 1, deirtear go bhfuil comhghaol dearfach maith ann, agus méadaíonn y de réir mar a mhéadaíonn x. Má bhíonn r gar do -1, deirtear go bhfuil comhghaol diúltach maith ann, agus laghdaíonn y de réir mar a mhéadaíonn x. I rangchomhghaolú déantar comparáid idir oird, seachas luachanna uimhriúla, agus úsáidtear staitistic dhifriúil chuige sin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhghaolú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 165.