Colm Bairéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaColm Bairéad

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1981
42/43 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstiúrthóir scannán, scríbhneoir scripte, eagarthóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileCleona Ní Chrualaoí Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincolmbairead.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2128139 Allocine: 952329
Twitter: colmbairead Instagram: colmbairead LinkedIn: colm-bairéad-6755513 Cuir in eagar ar Wikidata

Is scannánóir as Baile Átha Cliath é Colm Bairéad (a rugadh sa bhliain 1981).[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Colm Bairéad i dteaghlach dátheangach i dtuaisceart chathair Átha Cliath. Níor labhair a athair Béarla leo ariamh ach is é an Béarla a labhair a mháthair leo. Bhunaigh athair Choilm Gaelscoil Míde – agus is ansin a chuaigh siad ar scoil. Agus é ar an meánscoil, bhí Colm ina dhalta i gColáiste Eoin.[2]

Bhí an-suim ag a mhuintir sna scannáin ‘chlasaiceacha’ agus é ag fás aníos.[3] Cheannaigh fear an tí meaisín VHS don teaghlach sa bhliain 1990, agus shocraigh sé ar iarracht a dhéanamh scannáin fhiúntacha a chuir faoina mbráid. “Bhí meascán iontach i gceist, gach rud ó na seanscannáin thostacha, leithéidí Modern Times le Chaplin go seónna ceoil na 30idí, 40daí agus na 50idí in Hollywood, go scannáin Ernst Lubitsch, John Huston, Akira Kurosawa, David Lean, Sidney Lumet srl."[2]

Fuair Colm Bairéad céim ó Scoil Scannán Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

tréiléar[4]

Tá Colm Bairéad pósta le Cleona Ní Chrualaoi, léiritheoir scannáin.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cláir faisnéise staire do TG4 ar nós Murdair Mhám Trasna.
  • Sraithchlár faisnéise do TV3 suite i bPríosún Mhuinseo.
  • Sraithchlár An Ceoldráma do TG4 faoi cheithre Ghaelscoil a bhí páirteach sa bhFéile Scoildrámaíochta.
  • Gearrscannán as Gaeilge: An tÁdh.
  • Tháinig a chéad fhadscannán amach sa bhliain 2022, An Cailín Ciúin. Bronnadh Gradaim* IFTA don Stiúrthóir is Fearr agus Gradam Réalta Nua Fís Éireann air. Ainmnithe do: Ghradaim BAFTA agus Gradam Oscar don Scannán Idirnáisiúnta is Fearr, 2022.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. movies.ie (2022-05-11). "Interview with director Colm Bairéad" (en-IE). Movies.ie - Irish Cinema Site. Dáta rochtana: 2023-04-19.
  2. 2.0 2.1 Meadhbh Ní Eadhra (4 Bealtaine 2022). "‘Nach iontach an rud go bhfuil an Ghaeilge le clos anois i ndorchadas álainn na pictiúrlainne?’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-20.
  3. IFI (2022). "Treoir / Staidéar".
  4. "AN CAILÍN CIÚIN (THE QUIET GIRL) TRAILER - In Cinemas May 12th" (as en) .