Colin Williams

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaColin Williams
Beathaisnéis
Breith1950
73/74 bliana d'aois
Y Barri, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Iarthar Ontario
Ollscoil Abertawe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmacadóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Ollscoil Oscailte
Ollscoil Caerdydd
Ollscoil Staffordshire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Saineolaí aitheanta ar athbheochan mionteangacha é an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Caerdydd. Is fada an tOllamh Williams i mbun taighde ar chomhthéacsanna ilteangacha agus ar mhionteangacha, go háirithe ina thír dhúchais, an Bhreatain Bheag ach sa Chatalóin, i dTír na mBascach, i gCeanada agus in Éirinn chomh maith. Tá níos mó ná 20 leabhar scríofa nó curtha in eagar aige faoi na comhthéacsanna sin agus a thuilleadh nach iad. Bhí sé ar dhuine de na saineolaithe a chuir comhairle ar rialtas na hÉireann maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus chuir sé comhairle ar Rialtas na Breataine faoi na forálacha teanga i gComhaontú Aoine an Chéasta. Tá taighde déanta aige ar Fhoras na Gaeilge freisin mar chuid dá thionscadal taighde ar fhorais theanga san Eoraip agus i gCeanada.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]