Colasas Ródas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Colasas Ródas

Ba dhealbh chré-umha ollmhór de Helios é Colasas Ródas (Gréigis: ὁ Κολοσσὸς Ῥόδιος). Ceann de Sheacht nIontas an Domhain Ársa a bhí ann. Tógadh an dealbh sa bhliain 280 RC in onóir dhia na gréine, Helios. D'fhan sí ina seasamh ar feadh 54 bliana go dtí gur thit sí go talamh le linn crith talún sa bhliain 226 RC.