Coláiste Phádraig, Má Nuad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste Phádraig, Má Nuad
(ga) Coláiste Phádraig, Má Nuad
(la) Collegium Sti Patricii Apud Manutium Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósNaomh Pádraig Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálpontifical university (en) Aistrigh
cliarscoil Chaitliceach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1795
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán7,427,830 € (2020) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinsppu.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: StPatricksCollegeMaynooth Twitter: StPatsMaynooth Instagram: stpatrickscollegemaynooth Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Bunaíodh Coláiste Phádraig, Má Nuad sa bhliain 1795 chun oideachas a chur ar fáil don chléir Caitliceach in Éirinn.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Coláiste Phádraig Má Nuad sa bhliain 1795 mar chliarscoil le hoideachas a chur ar shagairt agus faoin mbliain 1850, ba í an chliarscoil ba mhó ar domhan í. Le dhá chéad bliain roimhe sin, bhí oiliúint á cur ar shagairt Chaitliceacha na hÉireann i gColáistí na nGael sa Fhrainc, sa Spáinn, sa Phortaingéil, san Iodáil agus san Ísiltír. Mar gheall ar na Péindlíthe bheadh sé in aghaidh an dlí oideachas a chur orthu in Éirinn.

Réitigh cúpla gné an bealach do bhunú Choláiste Mhá Nuad. Gabhadh seilbh ar na Coláistí Éireannacha sa Fhrainc le linn Réabhlóid na Fraince. Rinne an rialtas iarracht Caitlicigh na hÉireann a cheansú trí Na Péindlíthe a mhaolú mar thoradh ar Smaointeoireacht na hEagnaíochta agus toisc go raibh an Bhreatain i gcoimhlint leis an bhFrainc. Ag an am céanna, bhí faitíos ar easpaig na hÉireann agus ar rialtas Shasana araon go dtiocfadh sagairt na hÉireann faoi thionchar ‘ghalar tógálach ceannairce agus éigreidimh’ réabhlóid na Fraince. D'iarr na heaspaig cead 'acadaimh nó cliarscoileanna’ a chur ar bun ina gcuirfí oideachas ar ábhair sagairt. D'áitigh a gcuid comhairleoirí polaitíochta orthu an tionscadal a fhairsingiú go gcuirfí tuataí san áireamh, agus rith Parlaimint na hÉireann, dá réir sin, acht ag díriú ar oideachas Caitliceach, dar teideal ‘Act for the Better Education of Persons professing the Popish or Roman Catholic Religion’. Is mar thoradh air sin a bunaíodh Coláiste Mhá Nuad sa bhliain 1795. Bhí roinnt scoláirí de chuid na Fraince, a d'éalaigh ón Réabhlóid, i measc fhoireann luath an Choláiste. Ligeadh mic léinn thuata isteach sa bhliain 1800, ach tháinig deireadh le coláiste seo na dtuataí sa bhliain 1817.

Nuair a bhí sé bunaithe, bhí ar údaráis an choláiste a bheith an-chúramach agus iad i mbun a gcuid oibre agus leathshúil i gcónaí acu ar dheontas an rialtais. Díbríodh roinnt mac léinn as an gcoláiste sa bhliain 1798, agus arís eile le linn éirí amach Roibeáird Eiméid sa bhliain 1803. I dtús báire, bhí Caitlicigh na hÉireann amhrasach go maith faoi institiúid léinn a bhí ag fáil airgid ón rialtas, ach faoi na 1820idí agus sagairt Mhá Nuad chun tosaigh i measc na cléire, bhí siad i gcroílár fheachtas Dhónaill Uí Chonaill maidir le Fuascailt na gCaitliceach.

Ar an láimh eile, thosaigh sciar mór de lucht an Phrotastúnachais, i Sasana agus in Éirinn, ag ceistiú na dlisteanachta a bhain le híoc as oideachas a chur ar fáil do shagairt Chaitliceacha.

Sa bhliain 1871, tar éis dhíbhunú Eaglais na hÉireann, tarraingíodh siar deontas an stáit agus bhí Coláiste Mhá Nuad iomlán neamhspleách. Sa bhliain 1896 rinneadh Ollscoil Phontaifiúil de agus sa bhliain 1910, rinneadh coláiste aitheanta de chuid Ollscoil na hÉireann de, rud a chiallaigh gur bhain mic léinn a bhí a ina n-ábhair sagart céim BA amach ó Ollscoil na hÉireann le linn a gcuid staidéir sa chliarscoil. Cléirigh amháin a bhí i mbun staidéir ann go dtí an bhliain 1966 nuair a chinn an cliarlathas Má Nuad a fhorbairt mar ‘ionad oscailte d’oideachas ollscoile’ agus glacadh le mic léinn thuata ar chúrsaí céime Ollscoil na hÉireann sa Choláiste. De réir mar a tháinig borradh faoi líon na mac léinn, tháinig forás ar lucht teagaisc Ollscoil na hÉireann agus ar an éagsúlacht a bhain leo.

Sa bhliain 1997 ritheadh Acht na nOllscoileanna, 1997, agus rinneadh an coláiste i Maigh Nuad a bhunú mar Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (Ollscoil Mhá Nuad), ollscoil dá cuid féin, neamhspleách ar Choláiste Phádraig, Maigh Nuad.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]