Coláiste Moibhí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.


Coláiste Ullmhúcháin lán-Ghaeilge, do bhuachaillí agus chailíní Prodastúnacha (cailíní amháin níos déanai) a bheadh fonn orthu leanúint leo go choláiste oiliúna múinteoirí arb é Coláiste Moibhí. Mhair an choláiste ó 1926 go 1995. Bhí sí lonnaithe lasmuigh de Shean Chill i gContae Bhaile Átha Cliath go dtí 1968 nuair a d'athlonnaíodar go Ráth Maoinis, BÁC. Bhí sé fós faoi stiúir Eaglais na hÉireann is déanadh scoil-fhriothálach de chuid Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann é. Bhí an choláiste oideachais sin in aice báire, i Ráth Maoinis, agus dá bharr leannfadh formhór na daltaí ar aghaidh chuig an Choláiste sin i ndiaidh na hArd Teiste. Tugadh Coláiste Móbhí uirthi in onóir an Naomh ón gcúigiú aois arb as den bhaile ar ainmníodh ina h-onóir. Is é sin Cill Móibhí i gContae Mhaigh Eo.

Ba cheann de sé Choláiste Ullmhúcháin a bhí i gColáiste Móibhí ar bhunaigh rialtas an Saorstát úr i 1926 chun sruth múinteoirí líofa le Gaeilge a sholáthair dos na scoileanna mar chuid de pholasaí Gaelú na tíre. Is faoi Rialtas Chumann na nGaedheal, faoin Aire Ciarraíoch, John Marcus O’Sullivan a cinneadh iad a oscailt. Thacaigh John Allen Fitzgerald Gregg a bhí ina Ard Easpag ar Eaglais na hÉireann i mBÁC lena noscailt. B'é an taon cheann Prodastúnach as na sé gcinn í. Dúnadh an choláiste sa bhliain 1995 de thúisce fás na scoileanna ilchreidmheacha. Is Ionad acmhainn do leabharlann Choláiste Oiliúna Eaglais Na hÉireann an foirgnimh céanna anois.

Iontas a sheasanna amach faoi Choláiste Móibhí ná gur fhan si ar oscailt tar éis don Uachtarán Pádraig Ó hIrghile na cuig gcinn catiliceach eile (2 cheann do bhuachaillí 3 chinn do chailíní) a dhúnadh i 1961 is é mar Aire Oideachais do rialtas Fianna Fáil idir 1959-1965

http://www.education.ie/en/Publications/Statistics/Statistical-Report-1940-1941.pdf