Coláiste Chamuis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste Chamuis
Sonraí
Cineálinstitiúid oideachais Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1973
Bunaitheoir(í)Gearóid Denvir Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáincolaistechamuis.ie Cuir in eagar ar Wikidata
An Tulach - Trá

Is coláiste samhraidh Gaeltachta é Coláiste Chamuis[1] i gContae na Gaillimhe. Gearóid Denvir a bhunaigh an coláiste i 1973. Tá trí ionad ann; An Tulach, Camus agus Ros a' Mhíl. Tá na trí cinn suite timpeall Chonamara. Gach bliain, bíonn 1700 dalta ag freastail ar Choláiste Chamuis ar na 10 gcúrsa[2] atá ar fáil sna trí ionad.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Gearóid Denvir an coláiste i 1973. Bhí 52 daltaí agus beirt mhúinteoirí ann ag an am. An bhliain dár gcionn, tháinig 37 de na daltaí sin ar ais. Ní raibh ach cúrsa amháin ar fáil, i mí Lúnasa, in ionad amháin, Camus. Sa bhliain 1978, cuireadh tús le cúrsa i mí Iúil i gCamus chomh maith. Bunaíodh an dara ionad ar an Tulach i 1985 agus an tríú ionad, i Ros a’ Mhíl i 1992. Ag an am sin, bhí bean chéile Ghearóid, Máire, ag obair mar bhainisteoir.

An Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é tumoideachas iomlán aidhm Choláiste Chamuis agus bíonn sé seo rathúil i dtaobh feabhas a chur ar an nGaeilge atá ag na daltaí. Déantar í a mhúineadh trí ranganna agus trí spórt is gníomhaíochtaí eile. Bíonn na daltaí i gcónaí domhain sa teanga; nuair atá siad sa teach lóistín, sa choláiste, ar an mbóthar, ar an mbus agus gach uile áit eile i gConamara thar na trí seachtainí. Cuirtear pionós orthu siúd a leanas orthu ag labhairt Béarla.

Na hIonaid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Camus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Camus an chéad ionad a bhí ag Coláiste Chamuis. Tá Camus suite 55 nóiméad ó chathair na Gaillimhe[3]. Tá halla le seomraí ranga agus séipéal i gCamus. Ar an gcéad cúrsa i gCamus i 1973, bhí 52 daltaí ann.

Tulach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Coláiste Chamuis, An Tulach suite i mBaile na hAbhann i gContae na Gaillimhe, 38 nóiméad ó chathair na Gaillimhe[4]. Tá sé suite díreach trasna ó stiúideo TG4. Ba é ‘An Tulach’ an dara hionad a bhunaigh Gearóid Denvir mar pháirt de Choláiste Chamuis. Bíonn na ranganna ar siúl sa bhunscoil bheag atá suite ann darb ainm ‘Scoil Naomh Choilm Chille[5]’. Bíonn na himeachtaí ar siúl sa halla atá suite in aice leis an scoil. Tá páirc pheile agus cúirt chispheile ann agus bíonn neart imeachtaí ar siúl orthu chomh maith. Tá An Tulach suite in aice leis an trá, mar sin de bíonn neart seansaí eile do na scoláirí ar an dTulach dul go dtí an trá.

Ros a Mhíl[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ros a Mhíl

Tá dhá ionad ann i Ros a Mhíl, suite 45 nóiméad ó chathair na Gaillimhe[6]. Tá an halla agus an teálta ann. Is é an teálta an ionad is nua i gColáiste Chamuis agus an ionad is mó. Tá a lán seomraí ranga san ionad i Ros a Mhíl leis na teicneólaíocht is déanaí agus is fearr i ngach seomra ranga. Ar chúrsa A, níl ach Rós a Mhíl ar fáil do mhic léinn. Bíonn cúrsa ann sa halla agus cúrsa eile sa teálta.

Campa Peile Árdchaighdeáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2019 cuireadh tús le Campa Peile Árdchaighdeáin i Ros a' Mhíl. Is campa peil GAA é a bhí ar siúl thar bhriseadh téarma na scoile i mí Feabhra do dhaltaí idir 13 agus 17 bliana d’aois idir chailíní agus bhuachaillí, ag diriú ar oiliúint thaicticiúil agus theicniúil, ar chothú ceart, ar neart agus aclú, ar thearnamh agus ar fholláine agus tá sé go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge. I mbliana, bhí neart daoine cáiliúla ag déanamh an cúrsa.[fíoras?]

Is é an aidhm atá ag Coláiste Chamuis, áiseanna den chéad scoth a úsáid chun peil Ghaelach a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cuireadh an clár cóitseála le chéile d’fhonn spreagadh agus dúshlán a thabhairt d’imreoirí ag chuile leibhéal agus díreofar chomh maith ar aireachas agus ar fhorbairt phearsanta na rannpháirtithe.[fíoras?]

Cursaí Ábhar Oidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireann Coláiste Chamuis cúrsa ar fáil do mhúinteoirí bunscoile. Tá Coláiste Chamuis ag eagrú Cúrsaí Gaeilge ó 1973 agus chuaigh cuid mhór dá scoláirí leis an múinteoireacht bunscoile in imeacht na mblianta ó shin. Cuireann siad béim air mar sin gurb é an lántumadh teanga sa phobal ina bhfuil an teanga sin á labhairt, an bealach is fearr agus is éifeachtaí le teanga ar bith a fhoghlaim.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Irish College Gaeltacht Summer Courses‎ | Coláiste Chamuis" (en-GB). Colaiste Chamuis. Dáta rochtana: 2019-03-25.
  2. "Gaeltacht Summer Courses | Improve your Irish results | Coláiste Chamuis" (en-GB). Colaiste Chamuis. Dáta rochtana: 2019-03-26.
  3. "Camus to Galway" (en). Camus to Galway. Dáta rochtana: 2019-03-26.
  4. "Ballynahown to Galway" (en). Ballynahown to Galway. Dáta rochtana: 2019-03-26.
  5. "School Detail" (en). Department of Education and Skills. Dáta rochtana: 2019-03-26.
  6. "Rossaveel to Galway" (en). Rossaveel to Galway. Dáta rochtana: 2019-03-26.