Coiste Gnóthaí Poiblí Iosrael Mheiriceá
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Giorrúchán | AIPAC | ||||
| Cineál | eagraíocht neamhrialtasach eagraíocht abhcóideachta | ||||
| Réimse oibre | brústocaireacht | ||||
| Foirm dlí | eagraíocht 501(c)(4) | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 3 Eanáir 1953, Washington, D.C. | ||||
| Bunaitheoir(í) | Isaiah L. Kenen | ||||
Ócáid shuntasach | |||||
| United States v. Franklin (en) | |||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Úsáideann sé/sí | coiste um ghníomhaíocht pholaitiúil super PAC (en) | ||||
| Líon saorálaithe | 60 (2013) | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Duine ábhartha | Morris J. Amitay (en) Larry Weinberg Thomas Dine (en) Steve J. Rosen (en) | ||||
| Líon fostaithe | 396 (2013) | ||||
| Cuid de | Israel lobby in the United States (en) | ||||
| Táscaire eacnamaíoch | |||||
| Maoiniú airgeadais | 258.533 $ | ||||
| Ioncam iomlán | 73,512,996 $ (2022) | ||||
| Sócmhainní iomlána | 164 M$ (2022) | ||||
| Suíomh gréasáin | aipac.org | ||||
Is grúpa stocaireachta é Coiste Gnóthaí Poiblí Iosrael Mheiriceá (CGPIM) (Béarla:American Israel Public Affairs Committee (AIPAC)) a mholann beartais ar son Iosrael do Chomhdháil na Stát Aontaithe agus don Bhrainse Feidhmiúcháin [1]. Is í Betsy Berns Korn uachtarán reatha an CGPIM.
Ar cheann de roinnt eagraíochtaí brústocaireachta atá ar son Iosrael sna Stáit Aontaithe,[2] deir an CGPIM go bhfuil os cionn 100,000 ball aige, 17 oifig réigiúnach, agus “líon mór deontóirí”. Thug an t-ionadaí Brad Sherman (D - California) le fios go raibh an CGPIM "the single most important organization in promoting the U.S.-Israel alliance." Ina theannta sin, tugadh le fios go raibh an eagraíocht ar cheann de na grúpaí brústocaireachta is cumhachtaí sna Stáit Aontaithe.