Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge
Sonraí
Cineálcoiste Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh20 Meitheamh 2022

Rinneadh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge[1] a bhunú ar an 20 Meitheamh 2022, i gcomhréir le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, a síníodh ina dhlí i mí na Nollag 2021.[2].

De réir an Achta, tá an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán freagrach as rúnaíocht a chur fáil don Choiste agus is é/í a chinnfidh nósanna imeachta an Choiste Chomhairligh

De réir na leasuithe a rinneadh ar an acht teanga, bhí an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge le bunú taobh istigh de shé mhí ón lá ar ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) – an 22 Nollaig 2022.

Beidh dhá bhliain ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge an Plean Náisiúnta Earcaíochta a ullmhú chun príomhsprioc an dlí teanga nua a bhaint amach, is í sin gur dhaoine le Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.[3]

Is iad na ranna sin nach bhfuil aon phost ‘Gaeilge’ iontu ná An Roinn Airgeadais; an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Cosanta (i Roinn an Taoisigh); an Roinn Coimirce Sóisialaí; An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta; An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (atá sa Roinn Coimirce Sóisialaí) agus An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, sa Dáil aréir gur “trua” gur thóg sé sé mhí an coiste comhairleach a bhunú.

Bunú an Choiste[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi Alt 18A d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 sonraítear go mbunófaí an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis achtú an Achta, rud a rinneadh ar an 20 Meitheamh 2022.

De réir an Achta, tá an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán freagrach as rúnaíocht a chur fáil don Choiste agus is é/í a chinnfidh nósanna imeachta an Choiste Chomhairligh.

Feidhmeanna an Choiste[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leagtar amach feidhmeanna sonracha an Choiste Chomhairligh ag Alt 18C agus Alt 18F den Acht, lena n-áirítear:

• Plean Náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a ullmhú laistigh de dhá bhliain ó bhunú an Choiste .i. faoin 19 Meitheamh 2024. Tá ullmhú an Phlean Náisiúnta ag teacht le cuspóir foriomlán an Achta a bhaint amach agus is é sin, gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030.

• Tuarascáil Bhliantúil ar an dul chun cinn a sholáthar don Aire agus don Choimisinéir Teanga faoin 30 Meitheamh de gach bliain, seachas an chéad cheann a bheidh le soláthar faoin 30 Meitheamh 2024 agus ina cuimseofar an obair atá déanta ag an gCoiste ón lá bunaithe suas go 31 Nollaig 2023. Déanfar cóipeanna díobh seo a fhoilsiú ar shuíomh na Roinne agus iad curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Agus a chuid feidhmeanna sonracha á gcur i gcrích ag an gCoiste, déanfaidh sé a aird a thabhairt ar na hailt ábharthacha eile seo san Acht chomh maith:

• Alt 18D a bhaineann le dualgas an Aire i leith an Phlean Náisiúnta;

• Alt 18E a bhaineann le spriocdhátaí a shocróidh an tAire, agus aird aige nó aici ar an bPlean Náisiúnta, faoina mbeidh oifigí poiblí lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí mheán na Ghaeilge.

• 19A (2) , a luaitear go sonrach faoi Alt 18C (1)(a)(i) (thuas), a bhaineann le caighdeáin teanga.

Comhaltas an Choiste[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gcomhréir leis an méid a sonraíodh faoi Alt 18B den Acht, tá comhaltas an Choiste comhdhéanta de:

• ionadaithe ó na trí eagras a luadh go sonrach san Acht, is iad sin:

o an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Cathaoirleach*);

o an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; agus

o an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí;

• ionadaithe ó 6 chomhlacht poiblí eile a chinn na hAirí a bhfuil lárnach don phróiseas ábharthach seo, is iad sin:

o An Roinn Coimirce Sóisialaí

o An Roinn Oideachais

o Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

o An Garda Síochána

o An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil

o Foras na Gaeilge;

• ionadaí amháin ar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta atá inniúil i nGaeilge agus a ceapadh trí chomórtas a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí; agus

• ionadaí amháin ar limistéir den Stát nach Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta iad atá inniúil i nGaeilge agus a ceapadh trí chomórtas a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

• Faoi Alt 18B(2) , is é an tAire a dhéanann comhalta amháin den Choiste Comhairleach, atá inniúil i nGaeilge, a ainmniú mar Chathaoirleach.

Déanfar athbhreithniú ar bhallraíocht an Choiste, ó thaobh an 6 chomhlacht poiblí a chinn na hAirí a bheadh lárnach don phróiseas seo, de réir mar is gá.

Státseirbhísigh shinsearacha atá i bhformhór na mball ach earcaíodh beirt trí chomórtas poiblí chun ionadaíocht a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus ar phobal na Gaeltachta.

Seo a leanas comhaltaí reatha an choiste;

  • An Dr. Aodhán Mac Cormaic (An Cathaoirleach): An Roinn Turasóireachta Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:
  • John Howlin: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • Sinéad Coleman, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
  • Eithne Fox: Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • An Ceannfort Sean Glynn: An Garda Síochána
  • Eoin Ó Seaghdha: An Roinn Coimirce Sóisialaí
  • Ciara Molloy: An Roinn Oideachais
  • Breandán Mac Craith: Foras na Gaeilge
  • John Breen: An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil
  • John Prendergast: Pobail Teanga Gaeltachta
  • Mairéad Ní Ghabháin: Pobail Teanga lasmuigh den Ghaeltacht

[4] <ref>https://tuairisc.ie/baill-an-choiste-a-ullmhoidh-plean-earcaiochta-nua-an-stait-don-ghaeilge-fogartha/<ref>

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is fiú a nótáil, mar gur Oifigeach Poiblí Ainmnithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 é/í comhalta amháin ar a laghad den Choiste mar a sheasann an comhaltas faoi láthair, ciallaíonn sé sin gur "Comhlacht Iomchuí” é an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge faoi réir an Achta chéanna.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge
  2. Leasuithe ceadaithe chun Bille na dTeangacha Oifigiúla a neartú
  3. Seisear Airí Rialtais ag maíomh nach bhfuil fiú post amháin ina ranna ar gá Gaeilge a bheith ag duine lena dhéanamh
  4. https://www.rte.ie/news/nuacht/2022/0623/1306566-baill-an-choiste-chomhairligh-um-sheirbhisi-gaeilge-ainmnithe/ Baill an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge ainmnithe