Coinséartó mór
Appearance
Píosa ceoil ina ndéantar codarsnacht idir grúpa beag gléasanna (dhá veidhlín is dordveidhil, de ghnáth) agus ceolfhoireann iomlán téide. Shaothraigh Corelli is Handel an coinséartó mór barócach, le 4 ghluaiseacht nó níos mó, ag leibhéal an-oirirc. Ina dhiaidh sin chuaigh sé i léig i bhfabhar an choinséartó. Rinne cumadóirí áirithe, cosúil le Bloch, an coinséartó mór a thabhairt ar ais sa 20ú céad le saothair sa bhfoirm bharócach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Coinséartó mór". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 159.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |