Jump to content

Coinneach Mac Fhionghain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCoinneach Mac Fhionghain
Beathaisnéis
Breith26 Lúnasa 1933
Docklands, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Bealtaine 2021
87 bliana d'aois
Méara Southend-on-Sea
1965 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síLondon School of Economics - eacnamaíocht, socheolaíocht
Social Science Research Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, socheolaí, staraí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Hertfordshire
an Ollscoil Oscailte
Oilthigh Obar Dheathain Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaGaeilge na hAlban agus Béarla

Coinneach MacFhionghuin (Béarla: Prof. Ken MacKinnon) (1933-2021) aitheanta nar an neach a chuir tús le sochtheangeolaíocht Ghaeilge na hAlban san 20ú hAois.

Saol agus slí bheatha i Sasana

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh MacFhionghuin i bPoplar, Ceantar na nDugaí (Béarla: Docklands) i Londain do thuismitheoirí ar tháinig a dteaghlaigh ó Eilean Arainn agus ó gCúige Uladh. [1][2] Bhí an Bliotsa ar siúl i Londain nuair a bhí sé ina bhuachaill beag, agus cuireadh go Corn na Breataine é ar mhaithe lena shábháilteacht féin. Faoin mbliain 1944, bhí sé féin agus a chlann tar éis socrú síos i mbaile Leigh-on-Sea in Essex,[3] áit ar oibrigh sé i roinn pleanála na comhairle. Rinne sé céim dhúbailte sa tsocheolaíocht agus san eacnamaíocht ag an London School of Economics agus ansin rinne sé seirbhís mhíleata (Béarla: National service) in Iarthar na Gearmáine . [2] Mhúin sé tar éis filleadh ón nGearmáin, mar cheann roinne i Barking College of Technology agus ina dhiaidh sin bhí sé ina léachtóir sinsearach agus ina léitheoir ag Hatfield Polytechnic i measc ceapacháin éagsúla eile. Bhí sé ina chathaoirleach ar choiste pleanála agus méara chomhairle Southend-on-Sea.

Albain agus Gaeilge na hAlban

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh Gaeilge na hAlban ar bith aige ón ghlúin, ach mhúin sé Gaeilge dó féín nuair a chuir sé suim ann..[1]

Ghnóthaigh sé céim mháistreachta ina dhiaidh sin agus rinneadh é ina chomhalta taighde sinsearach den Chomhairle um Thaighde ar Eolaíocht Shóisialta agus thapaigh sé an deis chun tabhairt faoi staidéar a dhéanamh ar staid shochtheangeolaíoch na Gaeilgesna Hearadh idir 1972 agus 1974.[2]

Bhí sé ina bhall de MAGOG idir 2002 agus 2004, buíon a thug comhairle faoin nGàidhlig d'airí Albanacha agus a bhain ballraíocht amach ar Bhòrd na Gàidhlig in 2004. Tá sé ag fónamh ar bhord MG Alba ó 2008 freisin.[4] Bha e na bhall air bòrd MG Alba cuideachd, a-mach on bhliadhna 2008.[4]

Bhí róil eile aige freisin; ollúnacht oinigh ag Oilthigh Obar Dheathain agus ina léachtóir emeritus ag Ollscoil Hertfordshire. Theagasc sé eolaíochtaí sóisialta, oideachas, agus staidéar teanga don Ollscoil Oscailte.[5]

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé pósta agus tá beirt chlainne aige. Bhí suim aige sa pholaitíocht áitiúil mar Liobrálach. Chuaigh sé chuncónaithe san Eilean Dubh i dTaobh an Ear Rois.

Is iomaí páipéar agus leabhar atá foilsithe ag Coinneach ó na 1970idí i leith, ar an Ghàidhlig in Albain agus in Alba Nuadh, teanga mhionlaigh agus déimeagrafaíocht, lena n - áirítear;

  • (1974) The Lions Tongue
  • (1991) Gaelic A Past & Future Prospect
  • (1998) Gaelic in Family, Work and Community Domains Euromosaic Project 1994 1995 in Scottish Language 1998, No. 17
  • (2000) Neighbours in Persistence – Prospects for Gaelic Maintenance in a Globalising English World in McCoy, G. and Scott, M. (eds) Aithne na nGael – Gaelic Identities

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]