Coincleach aráin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aon choincleach a fhaightear ag fás ar arán. Tá fungas ar leith, a dtugtar múcar air, a dhéanann cumhdach cosúil le ribí gan dath ar dhromchla iomlán an aráin. Táirgeann sé spóir dhubha ar bharra a ghéag ingearach. Tá ceann eile atá scothdhearg, a chuireann tús le milleadh aráin i mbácúis.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Coincleach aráin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 158.