Coimisúin von der Leyen II, 2024-2029
Dlínse | an tAontas Eorpach |
---|---|
Stáit | an tAontas Eorpach |
Cruthú | 1 Nollaig 2024 |
Maireann téarma an Choimisiún Eorpach von der Leyen II cúig bliana, ó 2024 go dtí 2029. Bhí ar gach ballstáit an Aontais Eorpaigh a Choimisinéir féin a ainmniú roimh chruinniú mullaigh den Chomhairle Eorpach.
Níl iontu ach ainmniúcháin, ámh, mar go gcaithfidh Parlaimint na hEorpa gach ceann acu a cheadú sular féidir aon duine a cheapadh.[1] Tá na Coimisinéirí freagrach do Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar na coimisinéirí a fógraíodh inniu ceisteanna a fhreagairt os comhair Pharlaimint na hEorpa sula gceapfar iad.
Tá na coimisinéirí uile freagrach as polasaithe uile an Aontais Eorpaigh. Ach ó thaobh na polaitíochta de, tháinig athrú mór ar chúrsaí sa bhliain 20204 - i gcomparáid le 2019 - agus borradh faoi pháirtithe ar an eite fhíordheis i dtíortha amhail an Iodáil agus an Ghearmáin.[2] Ceapadh mar shampla Raffaele Fitto (an Iodáil) mar Leasuachtarán feidhmeach, polaiteoir atá ar dheis ar fad.
Ceapacháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 17 Meán Fómhair 2024, d'fhógair Ursula von der Leyen ceapacháin nua an Choimisúin Eorpaigh i Strasbourg.[3][4] Thug sí le fios gur iarr 20 ballstát ar a laghad post eacnamaíochta dá bpolaiteoirí féin agus dúirt nach bhféadfaí gach uile cheann acu a shásamh. Is mná iad aon duine dhéag den 27 coimisinéir – sin 40% le hais an 22% a bhí sa choimisiún deireanach.
Bhí moill le fógra na gcoimisinéirí nua mar gheall ar aighnis pholaitiúla. Tharraing an tSlóivéin agus an Rómáin siar na hiarrthóirí a bhí á moladh ar dtús acu nuair a chuaigh von der Leyen i mbun stocaireachta ag iarraidh ar rialtais áirithe tacú léi a chinntiú go mbeadh cothromaíocht ó thaobh inscne sa choimisiún nua.
- Bhí Stéphane Séjourné roghnaithe ag von der Leyen mar Leasuachtarán feidhmeach atá freagrach as straitéis an choimisiúin don tionsclaíocht. D’éirigh Thierry Breton na Fraince as an gCoimisiún (a bhí i gceannas ar mhargadh inmheánach an AE, 2019-2024) ar an 16 Meán Fómhair 2024. Mhaígh Breton gur chuir von der Leyen brú ar an bhFrainc iarrthóir eile a mholadh “ar chúiseanna pearsanta”. Bhí Breton ar dhuine de na polaiteoirí ba mhó a rinne cáineadh ar Von der Leyen agus meastar gur iarracht a cuid cumhachta a dhaingniú a bhí ina cinneadh an Francach a bhrú go leataobh.[2]
- Is é Valdis Dombrovskis as an Laitvia a ceapadh ina Choimisinéir Eacnamaíochta.
- Ceapadh Coimisinéir Cosanta den chéad uair riamh, mar atá, Andrius Kubilius as an Liotuáin.
- Ceapadh Michael McGrath mar An Coimisinéir um Dhaonlathas, Cheartas agus Riail an Dlí. Tháinig sé i gcomharbas ar Mhairéad McGuinness. D'iarr Rialtas na hÉireann post eacnamaíochta ar son McGrath, go háirithe ó bhí sé ina Aire Airgeadais, agus bhí an Rialtas I mbun stocaireachta dá réir..[5] Ag an am céanna, ní raibh Ursula von der Leyen sásta nach raibh McGuinness curtha chun tosaigh don phost.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-24). "Ainmniúchán Michael McGrath mar Choimisnéir Eorpach le plé inniu" (as ga-IE).
- ↑ 2.0 2.1 "Michael McGrath roghnaithe mar an Coimisinéir Eorpach do chúrsaí daonlathais, dlí agus cirt" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-17). Dáta rochtana: 2024-09-17.
- ↑ "Von der Leyen unveils proposed team of EU Commissioners" (en). euronews (2024-09-17). Dáta rochtana: 2024-09-17.
- ↑ "Ursula von der Leyen’s new European Commission" (en-GB). POLITICO (2024-09-17). Dáta rochtana: 2024-09-17.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-17). "Coimisiún Eorpach nua: cúraimí dlí agus cirt bronnta ar McGrath" (as ga-IE).