Cogaíocht trinsí
Cogaíocht ó chlaiseanna caola ina seasann na saighdiúirí, ar foscadh cuid mhaith ó scaoileadh na namhad. Úsáideadh í den chéad uair i gcogadh na Crimé (1853-1856), agus ar scála i bhfad níos mó sa chéad chogadh domhanda. Thochail na Gearmánaigh trinsí tar éis cath an Marne i 1914, ag cur tús le patrún cogaíochta ar fhronta an iarthair. Tochlaíodh na mílte ciliméadar de thrinsí ar an dá thaobh os comhair a chéile, le córais chasta cumarsáide is sreang dhealgach cosanta. Shín na trinsí ón Muir Thuaidh go dtí an Eilvéis, agus chruthaigh siad leamhsháinn fhuilteach. Tugadh airm nua isteach chun an leamhsháinn a bhriseadh, ina measc gránáidí láimhe, gás nimhe, moirtéir trinsí, agus baráistí airtléire. Mar sin féin, níorbh fhéidir brú ar aghaidh thar na trinsí go raibh tancanna feabhsaithe ar fáil i 1918, tar éis an tanc a bheith ceaptha i 1915. Faoi seo, agus airm níos cumasaí ar fáil, tá an modh cogaíochta seo imithe i léig.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cogaíocht trinsí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 155.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |