Cogaíocht trinsí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cogaíocht trinsí

Cogaíocht ó chlaiseanna caola ina seasann na saighdiúirí, ar foscadh cuid mhaith ó scaoileadh na namhad. Úsáideadh í den chéad uair i gcogadh na Crimé (1853-1856), agus ar scála i bhfad níos mó sa chéad chogadh domhanda. Thochail na Gearmánaigh trinsí tar éis cath an Marne i 1914, ag cur tús le patrún cogaíochta ar fhronta an iarthair. Tochlaíodh na mílte ciliméadar de thrinsí ar an dá thaobh os comhair a chéile, le córais chasta cumarsáide is sreang dhealgach cosanta. Shín na trinsí ón Muir Thuaidh go dtí an Eilvéis, agus chruthaigh siad leamhsháinn fhuilteach. Tugadh airm nua isteach chun an leamhsháinn a bhriseadh, ina measc gránáidí láimhe, gás nimhe, moirtéir trinsí, agus baráistí airtléire. Mar sin féin, níorbh fhéidir brú ar aghaidh thar na trínsí go raibh tancanna feabhsaithe ar fáil i 1918, tar éis an tanc a bheith ceaptha i 1915. Faoi seo, agus airm níos cumasaí ar fáil, tá an modh cogaíochta seo imithe i léig.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cogaíocht trinsí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 155.