Jump to content

Cogaíocht hibrideach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Físeán: Cogaíocht hibrideach agus an Rúis (i mBéarla)

cogaíocht hibrideach[1] ina sainghné go coitianta den cheangal atá ag éirí níos scaoilte idir coimhlint idir-stáit, an sceimhlitheoireacht agus gníomhaíocht choiriúil, go háirithe sa chibear-réimse, inar féidir le gníomhairí stáit agus neamhstáit úsáid a bhaint as gnáth-mhodhanna agus modhanna ardleibhéil neamhshiméadracha i gcomhthráth i measc na réimsí seo a leanas: talamh, farraige, aer, cibear-réimse agus spás.[2] Leanann réimse rannpháirtithe trasnáisiúnta, stáit, grúpa agus aonair a bheith bainteach i gcoimhlint a oibríonn ar leibhéal domhanda, réigiúnach agus áitiúil i dteannta a chéile agus ar bhonn aonair. Maidir le roinnt coimhlintí, bíonn foréigean, sceimhlitheoireacht, ceannairc agus coiriúlacht idir-phobail ann.[3]

Sna 2020idí tháinig cibear-ionsaithe, ionsaithe ar an gcóras suite domhanda (GPS), ionsaithe ar bhonneagar, ionsaithe coirloiscthe agus eachtraí le córais taistil i dtíortha éagsúla tar éis chun cinn fud fad na hEorpa. Mar shampla, sa bhliain 2024, rinneadh cibirionsaithe ar Pharlaimint na hEorpa, ar ranna rialtais na Fraince, ar ghníomhaireachtaí rialtais sa Liotuáin, sa tSualainn, agus sa tSeicia, ar pháirtí polaitíochta atá mar chuid de rialtas na Gearmáine[4] agus ar chóras uisce na Polainne. Bhí eachtraí leis na córais traenach sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sa Pholainn agus sa tSualainn ina ndearnadh iarrachtaí traenacha a chur de na ráillí. Rinneadh ionsaithe coirloiscthe ar bhusanna sa Liotuáin, sa tSeicia agus sa Pholainn chomh maith, ionsaithe a mhaígh príomh-aire na Seicia go raibh na Rúisigh freagrach astu. Agus dar le hurlabhraí de chuid seirbhísí slándála na Gearmáine bhí aonaid d’arm na Rúise taobh thiar den chuid is mó de na hionsaithe seo (Dúnghaois Gerasimov).

Dúirt an Tánaiste Mícheál Ó Máirtín in 2024 go gcaithfimid glacadh leis go bhfuil cogaíocht hibrideach ag tarlú ar fud fad na hEorpa, agus go bhféadfadh na cáblaí sonraí ar ghrinneall na farraige amach ó chósta na hÉireann a bheith mar thargaidí luachmhara.[5][6]

Toisc go bhfuil Éire ina ballstát den Aontas Eorpach agus mar chuid de chóras polaitíochta an Iarthair, d’fhéadfaí glacadh leis go mbeidh Éire ina targaid i gcónaí, cé go mbeidh an baol sin níos lú ná tíortha eile.

Tharla cibirionsaí coiriúil ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) in 2021. D’fhógair an Rialtas ag an ama sin go raibh siad chun níos mó infheistíochta a chur ar fáil don Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála.  Mar chuid d’iarrachtaí eile ghlac an Lárionad agus Óglaigh na hÉireann páirt i gcleachtaí a d’eagraigh lárionad cibearchosanta NATO sa bhliain 2024. Anuas air seo, tá Éire mar chuid de chomhaontú le NATO chun níos mó tacaíochta a fháil chun cáblaí sonraí a chosaint agus chun cibearchosaintí a neartú.

Féach freisin 

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, hybrid warfare
  2. gov.ie (2019). "PÁIPÉAR BÁN AR CHOSAINT". Dáta rochtana: 2024.
  3. gov.ie (Samhain 2023). "An Plean Mionsonraithe Cur Chun Feidhme maidir leis an Tuarascáil ón gCoimisiúin um Óglaigh na hÉireann". Dáta rochtana: DF 2024.
  4. "Comhcheilg coup d'état sa Ghearmáin, 2022" (as ga) (2022-12-27). Vicipéid. 
  5. Houses of the Oireachtas (2024-05-09). "Ukraine War – Thursday, 9 May 2024 – Parliamentary Questions (33rd Dáil) – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2024-10-25.
  6. John Mooney (2024-09-21). "Micheál Martin: We must keep a laser focus on threats to Ireland" (en). www.thetimes.com. Dáta rochtana: 2024-10-25.
  7. "Gerasimov doctrine" (as en) (2024-08-10). Wikipedia.