An cuas bíseach sa chluas inmheánach. Cuimsíonn sé cuid chnámhach le colún lárnach is conair bhíseach (cuid den chathair scannánach gríobháin). Sa spás idir an chuid cnámhach is an chuid scannánach, tá an pheirilimfe (sreabhán cosúil leis an sreabhán ceirbrispíonach). Gobann seilf thanaí bhíseach amach ón gcolún lárnach, agus luíonn an bonnscannán uirthi seo. Tarchuirtear tonnta fuaime san aer don tiompán cluaise ag foirceann na cluaise seachtraí, critheann sé seo na cnáimhíní sa chluas láir, agus tarchuireann an stiorópín an crith tríd an bhfuinneog ubhchruthach isteach sa chochla chun an bonnscannán a chrith. Tá mar a bheadh cairpéad néarcheann ar an mbonnscannán, agus nuair a chritheann siad seo tarchuireann néar-ríoga ar feadh an chuid chochlach den 8ú néaróg chráiniach. Freagraíonn an bhunchuid den bhonnscannán, is na néarchinn ansin, do na minicíochtaí ísle is arda sa chrith (agus, mar sin, sa bhfuaim), agus freagraíonn an bharrchuid den bhonnscannán do na minicíochtaí ísle amháin. Iompraíonn an 8ú néaróg chráiniach na fuaimchomharthaí do réigiúin éistitheacha na hinchinne lena bpróiseáil is le ciall a bhaint astu.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.