Cochla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cochla

An cuas bíseach sa chluas inmheánach. Cuimsíonn sé cuid chnámhach le colún lárnach is conair bhíseach (cuid den chathair scannánach gríobháin). Sa spás idir an chuid cnámhach is an chuid scannánach, tá an pheirilimfe (sreabhán cosúil leis an sreabhán ceirbrispíonach). Gobann seilf thanaí bhíseach amach ón gcolún lárnach, agus luíonn an bonnscannán uirthi seo. Tarchuirtear tonnta fuaime san aer don tiompán cluaise ag foirceann na cluaise seachtraí, critheann sé seo na cnáimhíní sa chluas láir, agus tarchuireann an stiorópín an crith tríd an bhfuinneog ubhchruthach isteach sa chochla chun an bonnscannán a chrith. Tá mar a bheadh cairpéad néarcheann ar an mbonnscannán, agus nuair a chritheann siad seo tarchuireann néar-ríoga ar feadh an chuid chochlach den 8ú néaróg chráiniach. Freagraíonn an bhunchuid den bhonnscannán, is na néarchinn ansin, do na minicíochtaí ísle is arda sa chrith (agus, mar sin, sa bhfuaim), agus freagraíonn an bharrchuid den bhonnscannán do na minicíochtaí ísle amháin. Iompraíonn an 8ú néaróg chráineach na fuaimchomharthaí do réigiúin éistitheacha na hinchinne lena bpróiseáil is le ciall a bhaint astu.