Cniotáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cniotáil

Seancheird ina ndéantar fabraic trí lúba snáithe a nascadh le snáthaidí i lámha an chniotálaí. Tá an-chuid greamanna cniotála ann, agus táirgtear fabraic le tréithe éagsúla casta. Cheap William Lee (c 1550-c 1610) an chéad mheaisín cniotála i Sasana, agus déantar an chuid is mó de na hearraí cniotáilte le meaisíní anois, bíodh is nach féidir leo patrúin chomh casta leis an obair láimhe a dhéanamh. Is féidir uigí i bhfoirm feadáin a dhéanamh trí chniotáil chiorclach le haghaidh stocaí, fo-éadaí is éadaí spóirt.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cniotáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 150.