Cnagaire Magellanach
| Campephilus magellanicus | |
|---|---|
| Sonraí | |
| Mais | 260 g |
| Réise sciathán | 0.6 m |
| Meánlíon in ál | 2 |
| Tréimhse ghoir | 20 laethanta |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| UICN | 22681414 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Aves |
| Ord | Piciformes |
| Fine | Picidae |
| Treibh | Campephilini |
| Géineas | Campephilus |
| Speiceas | Campephilus magellanicus Phillip Parker King, 1828 |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
Cnagaire an-mhór is ea an cnagaire Magellanach (Campephilus magellanicus) a bhíonn le fáil i ndeisceart na Sile agus in iardheisceart na hAirgintíne; maireann siad laistigh dá raon. Is é an speiceas seo an sampla is faide ó dheas den ghéineas Campephilus, a chuimsíonn an cnagaire eabharghobach (C. principalis ) agus an cnagaire impiriúil (C. imperialis).
Tuairisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an cnagaire Magellanach 36 go 45 cm ar fhad.[1][2] Meánn fireannaigh an speicis seo 312–369 g, agus na baineann 276–312 g. I measc na dtomhas caighdeánach, tá an corda sciatháin 20.5 go 23 cm, is é an t-eireaball 13.9 go 16.8 cm, is é an gob 4.3 go 6 cm, agus an tarsas 3.3 go 3.9 cm. Is é an cnagaire is mó i Meiriceá Theas agus ceann de na cnagairí is mó ar domhan. I measc na speiceas is eol a bheith ann, níl corp níos mó ach ag na baill neamh-nuathrópaiceacha den ghéineas Dryocopus agus an cnagaire púdraithe (Mulleripicus pulverulentus). Le díothacht dóchúil na gcnagairí C. principalis agus C. imperialis, is é an cnagaire Magellanach an speiceas beo is mó den ghéineas Campephilus. Le meánmheáchan 339 g i bhfireannaigh agus 291 g i measc na mban, b’fhéidir gurb é an cnagaire is troime é atá ar marthain i Meiriceá.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "A Wildlife Guide to Chile : Continental Chile, Chilean Antarctica, Easter Island, Juan Fernandez Archipelago." (2010). Princeton University Press.
- ↑ Woodpeckers: An Identification Guide to the Woodpeckers of the World by Hans Winkler, David A. Christie & David Nurney. Houghton Mifflin (1995), ISBN 978-0395720431
- ↑ Chazarreta, M.L., Ojeda, V.S. and Trejo, A. (2011).