Clóraform
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 117.914 Da |
Tacsón ina n-aimsítear é | |
Ról | carcanaigin cheirde, inhalational anaesthetic (en) , developmental toxicant (en) , carcainigin agus arm |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | CHCl₃ |
SMILES canónta | Model 2D C(Cl)(Cl)Cl |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Dlús | 1.48 g/cm³ (a 20 °C) |
Luas forleata fuaime | 987 m/s (25 °C, leacht) |
Tuaslagthacht | 0.5 g/100 g (uisce, 25 °C) |
Móimint leictreach dhépholach | 1.04 D |
Pointe leáite | −63 °C −64 °C −63 °C −63.6 °C |
Fiuchphointe | 62 °C (a 760 Torr) 61 °C 61.17 °C (a 101.325 kPa) |
Móimint leictreach dhépholach | 1.04 D |
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe | −131.8 kJ/mol |
Galbhrú | 160 mmHg (a 20 °C) |
Partition coefficient water/octanol (en) | 1.97 |
Guais | |
Short-term exposure limit (en) | 9.78 mg/m³ (luach ar iarraidh) |
Uasteorainn nochta | 240 mg/m³ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte | 2,440 mg/m³ |
Global warming potential (en) | 20 |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () |
Is éard atá sa chlóraform ná comhdhúil shimplí den chineál ar a dtugtar na hidreacarbóin chlóirínithe. Is ionann an clóraform agus an tríchlóraimeatán, is é sin, tá an móilín cosúil leis an meatán, ach amháin go bhfuil adaimh chlóirín curtha in áit trí cinn den cheithre adamh hidrigine i móilín an mheatáin. Is í foirmle cheimiceach an tríchlóraimeatáin ná CHCl3.
Go stairiúil, d'úsáidtí clóraform san ainéistéise, is é sin, chuirfí néal i gceann an othair le clóraform sula rachadh sé faoi scian an dochtúra. Tá priacal áirithe ag baint leis an úsáid seo, ós rud é gur féidir don othar taom croí (stad cairdiach) a fháil faoi thionchar an chlórafoirm. Mar sin, is fearr le dochtúirí an lae inniu ainéistéisigh níos sábháilte a úsáid.
Inniu, baintear leas as an gclóraform i ndéantús an teflon, is é sin, na polaiteitreafluaireitiléine - cineál plaistigh a sheasann teas ard agus a úsáidtear taobh istigh de na friochtáin. Mar sin féin, tá dainséir éagsúla ag baint leis an gclóraform, agus an tionsclaíocht cheimiceach ag iarraidh éirí as scun scan.