Jump to content

Cláirseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilCláirseach
Cineálplucked string instrument (en) Aistrigh, composite chordophone (en) Aistrigh, rud ábhartha saorga agus uirlis cheoil
Aicmiú Hornbostel-Sachs322
Raon seinm

Is uirlis cheoil thriantánach í an chláirseachan chruit, a sheinntear trí na sreanga ingearacha a phiocadh leis na méara.[1][2] Téaduirlis atá ann. Is féidir feidhm a bhaint as mar chnaguirlis chomh maith. Bíonn caol, athshonadóir agus téada ar gach cláirseach, agus déantar na téada as níolón, snáithe caoláin, sreang nó síoda.

Seinntear an chláirseach ar an nglúin, nó ar an talamh: braitheann sé ar airde na huirlise. Cláirseoircruitire a thugtar ar cheoltóir a sheinneann an chláirseach.

Tá an chláirseach Ghaelach[3] ina comhartha suaitheantais ag Rialtas na hÉireann, Uachtarán na hÉireann agus ar bhoinn Éireannach an euro. Tá an chláirseach mar lógó ag an gcomhlacht Guinness freisin, branda a shamhlaítear le hÉirinn ar fud an domhain mhóir, agus samhlaítear í le carachtair thábhachtacha i stair agus seanchas na hÉireann, leithéidí Bhriain Bhóirmhe, Ard-Rí Éireann, agus Toirdhealbhach Ó Cearrbhalláin ‘An Cláirseoir Caoch’.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, the harp
  2. Maitiú Ó Coimín (30 Iúil 2024). "‘Ba bhreá liom cláirseach Ghaelach ach glacfaidh mé le triantán le sreanga air!’ – emoji nua le seoladh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-30.
  3. i mBéarla, Celtic harp nó an Irish harp
  4. Maitiú Ó Coimín (30 Iúil 2024). "‘Ba bhreá liom cláirseach Ghaelach ach glacfaidh mé le triantán le sreanga air!’ – emoji nua le seoladh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-30.