Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaToirdhealbhach Ó Cearbhalláin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1670 (Iúlach)
Contae na Mí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Márta 1738
67/68 bliana d'aois
Béal Átha Fearnáin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir, amhránaí, file, cláirseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois
SeánraCeol clasaiceach
GluaiseachtBarócach
TeangachaAn Ghaeilge
UirlisCláirseach agus ceol gutha

Musicbrainz: 10e81502-93fd-47c7-8c4b-e711e21934aa Discogs: 348871 IMSLP: Category:Carolan,_Turlough Find a Grave: 5859259 Cuir in eagar ar Wikidata

Cláirseoir agus cumadóir ceoil ba ea Toirdhealbhach Ó CearbhalláinTurlough O'Carolan (167025 Márta 1738). Chum sé neart fonn agus amhrán, agus tá rian cheol chlasaiceach a linne le haithint go soiléir ar a shaothar. Tá éileamh mór ar a chuid cheoil fós agus tá cuid mhaith de cóirithe le haghaidh uirlisí eile.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ó Cearbhalláin san Obair i gContae na Mí. Feirmeoir bocht ba ea a athair[1].

Béal Átha Fearnáin i gContae Ros Comáin

Béal Átha Fearnáin

Sa bhliain 1684 d’aistrigh an teaghlach go dtí Béal Átha Fearnáin i gContae Ros Comáin. Chuaigh a athair ag obair ann d’Annraoi Mac Diarmada Rua. Thaitin an buachaill le Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua, agus shocraigh sí go dtabharfaí oideachas dó. In aois a ocht mbliana déag bhain an bholgach radharc na súl de agus chuir a bhanphátrún le cláirseoireacht é.

Nuair a bhí sé bliain is fiche d’aois tugadh capall agus giolla dó agus chuir sé chun bóthair. Chun Seoirse Reynolds i Loch Scoir i gContae Liatroma a chuaigh sé ar dtús. Deirtear gur beag meas a bhí ag Reynolds ar a chumas seanma agus gur chomhairligh sé dó tabhairt faoin gcumadóireacht. Ansin, a deirtear, a chum an Cearbhallánach a chéad amhrán: "Sí Beag is Sí Mór".[2]

Chaith sé os cionn daichead bliain ag siúl na tíre agus fáilte roimhe sna tithe móra.

Cloch cuimhneacháin Uí Chearbhalláin, Ardeaglais Naomh Pádraig, BÁC

Bhí ardmheas ag Jonathan Swift air, agus ba mhinic é ag seinm do Swift. Uair amháin, deirtear, cháin Swift é faoi bheith ar meisce ar an mbóthar agus dúirt an Cearbhallánach:

Sibhse a chlann nach meallann an t-ól
is ar gach aon cé mór bhur smacht
cé mór bhur milleán ar chách
ní gheibh sibh féin bás le tart.[3]

Meon meadhrach taghdach a bhí ag an gCarbhallánach. Ba bhreá leis scéalta agus áilteoireacht, agus bhí an-lámh aige ar an táiplis mhór. Bhraith sé riamh gur ar comhchéim lena chuid pátrún a bhí sé.[4]

Sa bhliain 1720, phós sé Máire Ní Dhuibhir ó Chontae Fhear Manach: rugadh seisear iníon dóibh agus mac. Fuair siad a gcéad tigín ar thalamh in aice le Maothail Manachain i gContae Liatroma. Chuaigh sé siúd le cláirseoireacht ach ní raibh fíorbhua na seanma ná na cumadóireachta aige.

Ceol agus cumadóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cláirseach phrástéadach den seansaghas a bhí ag an gCearbhallánach. Bhíodh coim mhór ag a leithéid de chláirseach agus í déanta d’adhmad sailí.[5][6] Téada miotail a bhíodh inti agus iad á dtarraingt leis na hingne. Uirlis an-deacair a bhí inti, agus bheadh ort tabhairt fúithi i dtús d’óige.[7] Thosaigh an Cearbhallánach i bhfad ródhéanach chun cumas ceart seanma a bhaint amach,[8]ach bhí ardchumas cumadóireachta aige agus cuimhne fhíormhaith.[9] Deirtí go ndéanadh sé cumadóireacht ar chnaipí a chóta, á samhlú mar línte agus spásanna.[10]

Bhí tionchar mór ag ceol Iodálach a linne air. Dúirt a chara Cathal Ó Conchubhair: “Vivaldi charmed him and with Corelli he was enraptured”.[11] Mar sin féin, is dócha go raibh meas aige ar an sean-nós seanma.[12]

Comhcheol[cuir in eagar | athraigh foinse]

I bhfoirm aonlíneach shéise is mó atá a chuid ceoil le fáil, ach tá fianaise ann gur chloígh sé go dílis leis na seanmhodhanna seanma. Tá cuid de sheanleabhar ann a bhfuil foinn de chuid Uí Chearbhalláin ann: áitíonn Gráinne Yeats gur iarsma é seo de leabhar a d’fhoilsigh mac an Chearbhallánaigh sa bhliain 1748 in éineacht leis an Dochtúir Delaney as Ollscoil Átha Cliath.[13]

Is díol spéise é an dord aonlíneach, agus i dtaca le comhcheol de is annamh dhá nóta á seinm le chéile. Is neamhchoitianta an dóigh a ngluaiseann an dord an t-am ar fad, é ina ochtaigh leis an tribil uaireanta, é ag teacht roimh an líne shéise uaireanta nó mar mhacalla ina diaidh.[14]

Amhráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an Cearbhallánach in ann amhráin a chumadh go gasta, greanta. I nGaeilge atá siad ar fad, beagnach. Níl ach amhrán Béarla amháin ann ar chum sé ceol dó: "Carolan's Devotion," amhrán in ómós Iníon Fetherstone as Ardach i gContae an Longfoirt.[15]

I measc na n-amhrán Gaeilge tá ceann spreagúil a chum sé do Chian Ó hEadhra, a bhí ina chónaí i gCúil Mhuine i gContae Shligigh:

Dá mbeinnse in Árainn nó i gCáirlinn na séad
mar a ngluaiseann gach sárlong le cláiréad is le méad
Ó, b’fhearr liom mar shásamh is fáighim é dom féin
cupán geal Uí Eaghra is a fháil lán le mo bhéal.[16]
Ardeaglais Naomh Pádraig, BÁC

Amhrán de shaghas eile is ea an ceann a chum sé ag moladh an Dochtúra Seán Ó hAirt, sagart i gContae Shligigh:

Fear don aicme scaipfeadh fíon go réidh
agus líonfadh thart go fras do mhac an cheoil is léinn:
dá mbeinn sa Róimh mar b’ait liom
’s bíodh mo vóta inghlactha
is fíor go ndéanfainn easpag mór dhíot féin![17]
Cill Rónáin i Ros Comáin

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cailleadh Máire, a bhean, sa bhliain 1733 agus chum an Cearbhallánach dán á caoineadh.[18]

Nuair nárbh fhada uaidh an bás, d’fhill sé ar Bhéal Átha Fearnáin. Deirtear gur fháiltigh Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua roimhe ag an doras agus go ndúirt sé: “Tháinig mé anseo tar éis a ndeachas tríd chun bás a fháil sa bhaile faoi dheireadh, mar a bhfuaireas an chéad fhoghlaim agus an chéad ghearrán”.

Nuair a bhraith sé é féin ag lagú, tharraing sé chuige an chláirseach agus sheinn “Slán le Ceol”. Bhí sé ag saothrú an bháis ar feadh seachtaine sular rug an bás air, agus rinneadh tórramh ceithre lá air.[19]

Tá sé curtha i gCill Rónáin i Ros Comáin. Bíonn féile agus scoil samhraidh i gCéideadh ar siúl ann gach bliain in ómós dó. Deir Bunting go mbíodh a chloigeann i dtaisce i gcuas ann.[20]

Céideadh i Ros Comáin

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bunting, Edward (1840). The Ancient Music of Ireland. Dublin: Hodges and Smith.
  • O’Sullivan, Donal (1960). Songs of the Irish. Dublin: Browne & Nolan Limited.
  • Rimmer, Joan (1969, 1977, 1984). The Irish Harp: Cláirseach na hÉireann. The Mercier Press. ISBN 0-85342-151-X
  • Yeats, Gráinne (1980). Féile na gCruitirí, Béal Feirste/The Belfast Harpers’ Festival 1972. Gael Linn. ISBN 0-86233-025-4
  • O’Sullivan, Donal (2001, eagrán nua). Carolan: The Life, Times and Music of an Irish Harper. Ossian Publications Limited. ISBN 1-900428-71-7

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

J.C. Trimball, 1844

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • [1] Ceol Uí Chearbhalláin agus é á sheinm ag Garlic Bread agus ag Le concert de l'Hostel Dieu
  • [2] The Complete Carolan: ceol Uí Chearbhalláin agus é cóirithe le tiúnadh oscailte don ghiotár
  • [3] Eolas ar an gCearbhallánach le comhaid fuaime
  • [4] Complete Works of Turlough O'Carolan (Scóir)
  • [5] Carolan Fragment: foinse luath
  • [6] Curtha i gcartlann 2007-05-18 ar an Wayback Machine Gaelic harp keys (alt a mholann eochracha d’fhoinn Uí Chearbhalláin)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1404
  2. Yeats, lch 44.
  3. Yeats, lch 54.
  4. Yeats, lch 54.
  5. Rimmer, lch 53.
  6. http://www.earlygaelicharp.info/Irish_Terms/
  7. Yeats, lch 13.
  8. Bunting, lch 72.
  9. Bunting, lch 71.
  10. Bunting, lch 72.
  11. Luaite in Yeats, lch 49.
  12. Bunting, lch 71.
  13. http://www.earlygaelicharp.info/sources/carolan.htm Carolan fragment
  14. Yeats, lch 50.
  15. Féach Flood, W.H. Grattan (1905), A History of Irish Music, Browne and Nolan, caibidil 21.
  16. O’Sullivan, lch 183.
  17. O’Sullivan, lch 186.
  18. Yeats, lch 54.
  19. Yeats, lch 54.
  20. Bunting, lch 72.