Cluiche rólghlactha oll-ilimreoirí ar líne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is cluiche rólghlactha oll-ilimreoirí ar líne (giorrúchán Béarla: MMORPG) ann ná cineál cluiche rólghlactha a nglacann na sluaite imreoirí páirt ann trína ríomhairí féin ar fud an domhain, agus iad ag idirghníomhú le chéile.

Cosúil leis na cluichí rólghlactha go léir, glacann gach imreoir pearsantacht a charachtair fhicseanúil féin, agus é ag stiúradh ghníomhartha an charachtair seo de réir na rialacha atá leagtha amach. Is é an difríocht is mó idir na cluichí oll-ilimreoirí agus na cluichí rólghlactha eile ná go gcoinníonn foilsitheoir an chluiche timpeallacht a imeartha ag imeacht gan stad gan staonadh mar réaltacht fhíorúil, agus an domhan seo ag fás is ag forbairt de réir a dhlíthe inmheánacha féin.

Cluichí aithnidiúla mór-ráchairte den chineál seo is ea World of Warcraft, Dofus, agus RuneScape.

Tá an-ráchairt ar na cluichí oll-ilimreoirí ar fud an domhain. Bhí níos mó ná cúig mhilliún déag de dhaoine ag imirt ceann de na cluichí seo sa bhliain 2006.

Gabháil scaileáin ón gcluiche oll-ilimreoirí úd Daimonin

Comhthréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gurb iomaí craiceann a chuir na cluichí oll-ilimreoirí díobh, agus leaganacha an lae inniu an-difriúil lena réamhtheachtairí go minic, is féidir comh-bhuntréithe a aithint is dual don chuid is mó de na cluichí seo.

Téamaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An chuid is mó de na cluichí oll-ilimreoirí, tá siad bunaithe ar an scéalaíocht fantaisíochta - ar an bhfinscéalaíocht, go bunúsach. Tá cinn áirithe acu ag meascadh ficsean eolaíochta, fantaisíocht an chlaímh is na hasarlaíochta nó coirscéalaíocht tríd an ngnáthfhantaisíocht. Cinn eile fós, téann siad ar lorg téamaí i ngreannáin Mheiriceánacha, sa litríocht briotaise nó i seánraí liteartha so-aitheanta eile. Is minic a dhéantar forbairt ar na téamaí ar dhóigheanna cosúla agus trí thascanna cosúla a chur roimh an imreoir, abair, dul ar tóraíocht de shórt éigin, cath a chur ar arrachtaí, nó robáil a dhéanamh agus éadáil a chonlach.

Dul ar aghaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa chuid is mó de na cluichí oll-ilimreoirí, is é an príomhchuspóir ná carachtar an imreora a fhorbairt. Tugann a lán cluichí pointí saoltaithí don imreoir de réir mar a chuireann sé gníomhartha agus éachtaí i gcrích, agus é ag baint úsáide as na pointí seo le leibhéil níos airde forbartha a shroicheadh. Ar na leibhéil seo, tagann scileanna nua ag na himreoirí, agus an carachtar ag éirí níos eolaí ina cheird féin. Go traidisiúnta, is é an dóigh is coitianta le pointí saoltaithí a chruinniú ná arrachtaí a mharú agus tascanna tóraíochta a chríochnú, i d'aonar nó i gcomhoibriú le carachtair eile. Ina lán cluichí, is féidir teacht ar aghaidh trí earraí a chruinniú - cuid mhaith de na hearraí, is gléasra iad a thagann isteach úsáideach sa troid, agus go traidisiúnta, is é an comhrac aonair an ghnáthdhóigh leis na huirlisí seo a bhailiú. Faightear locht ar an bhfáinne fí seo, uaireanta: caithfidh tú uirlisí a fháil le bheith in ann cath a chur, ach ansin, ní mór duit comhrac aonair a throid leis na hearraí seo a ghnóthú. Iad siúd a bhfuil dearcadh criticiúil acu ar na cluichí seo, tugann siad "muileann coise na leibhéal" ar an bhfáinne fí seo. Cruthaíodh an cluiche rólghlactha úd Progress Quest d'aonturas mar scigaithris ar an ngné seo de na cluichí oll-ilimreoirí.

Seanchleachtas eile sna cluichí seo is ea é go gcaithfidh an t-imreoir, sa deireadh, dul i gcomhar le carachtair eile le dul chun cinn ar an luas is fearr. Is é oighear an scéil seo, áfach, go gcaithfidh an t-imreoir faillí a dhéanamh ina chuid dualgaisí sa saol mór taobh amuigh de dhomhan an chluiche le freastal ar riachtanaisí a chuid cairde cluiche. Cuid de na cluichí, tugann siad aitheantas do na deacrachtaí seo, ach mar sin féin, tá an fhadhb seo ar ceann de na lochtanna is mó a fhaightear ar chluichí den chineál seo.

Caidreamh agus Cuideachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireann na cluichí oll-ilimreoirí go léir ar chumas na n-imreoirí dul i dteagmháil le chéile. Tá sé ag brath ar an gcineál cumarsáide a cheadaíonn an cluiche, an bhfuiltear ag súil le caidreamh de chineál eile ó na carachtair.

Baineann a lán cluichí den chineál seo leas as scileanna caidrimh na n-imreoirí trí thacaíocht a thabhairt do chuallachtaí is do ghildeanna taobh istigh den chluiche (bíodh is gur dual do chuallachtaí den chineál sin teacht ar an bhfód cuma cé acu a thugann an cluiche tacaíocht dóibh nó nach dtugann). Dá thoradh sin, is iomaí imreoir a bhíonn ina bhall de chumann den tsórt seo i ndiaidh dó tréimhse réasúnta a chaitheamh i mbun an chluiche, nó fiú i gceannas ar a leithéid. Bíonn na heagraíochtaí seo ag súil lena lán óna gcuid ball, ar nós teacht chun cabhrach do na baill eile in am an ghátair.

Fiú má sheachnaíonn an t-imreoir na cuallachtaí foirmiúla, caithfidh sé, de ghnáth, dul i bhfoireann le carachtair eile le linn an chluiche agus ról speisialtóra a ghlacadh air féin. I gcluichí atá bunaithe ar an troid agus ar an gcomhrac, is iad na gnáthróil ná an "tanc", is é sin, an carachtar a théann idir buillí an namhad agus baill eile na feadhna, "fear an leighis" le féachaint chuige go gcneasaítear cneácha na mball eile, agus "fear na hurchóide", an duine is fearr le dochar a dhéanamh do na naimhde. Ról coitianta eile é "fear na n-orthaí" atá in ann tionchar a imirt ar na naimhde, ionas go dtiocfaidh laghdú ar a scileanna troda, mar shampla. Cuireann an cluiche ar chumas an imreora ról ar bith den chineál seo a ghlacadh air, nó fiú gnéithe na ról éagsúil a mheascadh, nó gan aon ról acu a dhéanamh. Mar sin féin, is minic a thugann an t-imreoir taithneamh do ról ar leith, agus é sásta an pháirt chéanna a dhéanamh ina lán cluichí oll-ilimreoirí éagsúla.

I gcuid de na cluichí ilimreoirí, táthar ag súil leis go bhfuil an t-imreoir sásta ról a charachtair a ghlacadh - is é sin, cloí leis na nósanna is dual don chineál carachtar atá sé a imirt ó thaobh cainte agus iompraíochta de, fiú más ionann sin agus faillí a dhéanamh i gcuspóirí eile, cosúil le cruinniú an fháltais agus na bpointí saoltaithí. An chuid is mó d'imreoirí na gcluichí seo, áfach, ní ghlacann siad róil a gcarachtar orthu ar an dóigh seo, agus mar sin, ní fhéadfá a rá gur cuid den "dea-bhéasaíocht" é an rólghlacadh. Mar sin féin, tá imreoirí ann ar mhaith leo cloí lena róil mar seo, agus cuireann cluichí áirithe "freastalaithe rólghlactha amháin" ar fáil dóibh siúd. Na cluichí oll-ilimreoirí nach bhfuil gnéithe an rólghlactha ag baint leo, tugtar MMOG orthu uaireanta, is é sin, cluichí oll-ilimreoirí ar líne.

Bíonn modhnóirí cluiche nó máistrí cluiche ann, ar féidir dóibh bheith ina bhfostaithe ar pá nó ina n-imreoirí deonacha, agus iad ag iarraidh súil éigin a choinneáil ar dhomhan an chluiche. Cuid de na máistrí cluiche, is féidir go bhfuil teacht acu ar shaintréithe cluiche nach bhfuil ar fáil do chách nó ar fhaisnéis ón taobh istigh i leith an chluiche.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí gné is dual do na cluichí seo go léir, agus is iomaí duine a bhfuil taithí aige ar cheann de na cluichí. Mar sin, sa bhreis ar chultúr an chluiche ar leith, is féidir tagairt a dhéanamh do chomhchultúr na gcluichí go léir. Mar shampla, ós rud é go bhfuil aicmí éagsúla de charachtair sa chuid is mó de na cluichí, ní mór céimeanna ar leith a ghlacadh le cothrom Féinne a chinntiú idir na himreoirí ar leith, agus is minic a bhíonn na himreoirí ag éileamh go gcuirfear cis ar dhream ar leith de na himreoirí, nó go mbainfear de dhream eile í.

Sampla eile is ea "muileann coise na leibhéal", ar tráchtadh air cheana féin. Ina lán cluichí i dtús stair an tseánra, b'í an dóigh ba luaithe le dul chun cinn sa chluiche ná na harrachtaí céanna a mharú arís agus arís eile. Tá an "mheilteoireacht" seo sách coitianta sna cluichí inniu féin, agus is ábhar díospóireachta é i measc na n-imreoirí i gcónaí, an bhfuil mórán sult le baint as an meilteoireacht ar aon nós, agus an chuid rólárnach í de na cluichí.

Bíonn a lán tuismitheoirí buartha faoin dúil nimhe a bhíonn ag a gclann sna cluichí seo. Cuid de na himreoirí, tá dímheas acu orthu siúd nach bhfuil "saol dá gcuid féin faighte acu", ó bhíonn siad ag cur amú an iomarca ama i mbun an chluiche. An chuid eile, arís, caitheann siad anuas orthu siúd nach bhfuil sásta "troid cheart a chur suas" i bpáirc chatha an chluiche. Sa bhliain 2005, chuir an tSín srianta leis an imreoireacht: níl cead agat ach trí uair an chloig a chaitheamh i mbun an chluiche in aghaidh an lae, agus má sháraíonn tú an teorainn sin, bainfear cuid dá neart is dá scileanna de do charachtar.

Ailtireacht an Chórais[cuir in eagar | athraigh foinse]

An chuid is mó de na cluichí oll-imreoirí, baineann siad úsáid as an ailtireacht chliaint/freastalaí. An bogearra a chruthaíonn an "ollchruinne" agus a choinníonn ag imeacht í, tá sé á rith gan stad gan staonadh ar an bhfreastalaí, agus an t-imreoir ag dul i muinín bogearra cliaint le teacht i dteagmháil leis. Is féidir go dtugann an bogearra cliaint rochtain don imreoir ar ollchruinne iomláin na himreoireachta, ach is féidir freisin go gcaithfidh tú forlíonadh ar leith a cheannach le gnéithe nó limistéir áirithe de chuid an chluiche a rochtain. Úsáidtear an cineál sin formáide sna cluichí úd Everquest agus World of Warcraft, mar shampla. De ghnáth, caithfidh na himreoirí táille a íoc leis an mbogearra cliaint a cheannach, ach tá sé de chlaonadh inniu rochtain a thairiscint do na húsáideoirí trí bhrabhsálaithe gréasáin nó bogearra réamhshocraithe eile ar féidir úsáid an chliaint a bhaint as.

Tá cluichí oll-ilimreoirí ann freisin a gcaithfidh tú síntiús a íoc leo uair in aghaidh na míosa. Is dual don chluiche oll-ilimreoirí bheith ar obair ar líne gan sos, agus ní mór airgead a bhailiú ó na húsáideoirí agus ó na fógróirí gan sos freisin leis an gcluiche a choinneáil ag imeacht agus a fhorbairt.

Is féidir don chluiche bheith á rith ar níos mó ná aon fhreastalaí amháin, agus na freastalaithe beag beann ar a chéile. Ansin, is féidir go seasann gach ceann acu dá chruinne nó dá dhomhan féin, agus na himreoirí ar na domhain éagsúla seo gan teagmháil le himreoirí na ndomhan eile. Ina lán cluichí den chineál seo, ní thoilltear ach cúpla míle imreoir ar aon domhan amháin, ach is eisceacht thábhacht é EVE Online a bhí in ann dhá chéad míle imreoir a thoilleadh ar aon domhan amháin i Lúnasa 2007.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor tháinig na cluichí oll-ilimreoirí ar an bhfód ach i dtús na nóchaidí. Mar sin féin, is iad na chéad chluichí ilimreoirí ó dheireadh na seachtóidí is bunús leis na cluichí oll-ilimreoirí ar fad. B'é an chéad cheann acu seo ná Mazewar, cé gur forbraíodh tuilleadh cluichí den chineál seo go gairid ina dhiaidh sin don chóras PLATO, córas teagaisc ríomhchuidithe Ollscoil Illinois a raibh an-tábhacht leis i gcúrsaí na ríomhtheicneolaíochta san am. Sa bhliain 1984, cruthaíodh an cluiche úd Islands of Kesmai. Cluiche cosúil le Rogue a bhí ann, is é sin, cluiche a raibh comhéadan úsáide leathghrafach air - is gnách cluichí den chineál seo a ainmniú as an gcluiche úd Rogue ón mbliain 1980. I gcluiche den chineál seo, tá mapa déthoiseach ann a thaispeánann cá bhfuil an carachtar, ach san am céanna, tá an cluiche ag tabhairt faisnéise agus ag cur tascanna roimh an imreoir i bhfoirm scríofa. Murab ionann agus Rogue, áfach, cluiche ilimreoirí ab ea Islands of Kesmai. B'é an chéad chluiche rólghlactha ilimreoirí fíor-ghrafach ná Neverwinter Nights, áfach. Bhí sé le fáil ó America Online, agus Uachtarán an ghnólachta sin, Steve Case, á chur chun cinn go pearsanta.

Sa bhliain 1995, baineadh na srianta úsáide den NSFNET, agus hosclaíodh an tIdirlíon do na forbróirí príobháideacha. B'ansin a tháinig na chéad chluichí oll-ilimreoirí ar an bhfód. B'é Meridian 59 an chéad chluiche mór-ratha den chineál seo, agus b'é an ceann ba thúisce a bhain úsáid as grafaic thríthoiseach as peirspictíocht an imreora. Tháinig The Realm Online ar an bhfód beagnach san am céanna, áfach, agus is féidir a rá gurbh é an chéad chluiche den chineál seo ar chuir an saol mór sonrú ann i ndáiríre. Foilsíodh Ultima Online sa bhliain 1997, agus is dócha gurbh é an chéad chluiche mór-ráchairte den chineál seo, cé gur tharraing Nexus: The Kingdom of the Winds súil an tsaoil mhóir san Áise ar an gcineál seo cluichí. B'é EverQuest a chuir na cluichí oll-ilimreoirí i lár an aonaigh san Iarthar.

Ghnóthaigh lucht a ndeartha brabús maith airgid ar na cluichí sin i laethanta luatha an tseánra, agus mar sin, tá an-iomaíocht idir déantóirí na gcluichí seo ón am sin i leith. Inniu, tá cluichí den chineál seo ar fáil ar chonsóil imeartha cluichí agus i dtimpeallachtaí nua, agus tháinig an-fheabhas ar an imreoireacht ó thaobh compoird agus suilt de. Ghlac World of Warcraft, de dhéantús an ghnólachta úd Blizzard, ceannas ar an margadh do na cluichí síntiúis, ach tá margadh eile ann do na cluichí a mhaoinítear ar an bhfógraíocht agus ar na hearraí taobh istigh d'ollchruinne an chluiche féin a cheannaíonn na himreoirí i rith an chluiche, ionas nach bhfuil praghas ar an gcluiche féin. Eisceacht is ea an cluiche úd The Guild Wars, a sheachnaíonn an iomaíocht leis na cluichí oll-ilimreoirí eile, ó nach ngearrann sé díot ach an t-aon táille amháin i dtús an chluiche (is é sin, ní chaithfidh tú an síntiús a íoc go tráthrialta). Cé go bhfuil an córas seo íocaíochta (aon táille amháin) in úsáid i gcluichí eile, is é Guild Wars an t-aon cheann amháin den chineál sin a bhfuil ráchairt air i gcónaí.

Síceolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]