Closghram

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Closghram

Is éard is closghram ann ná próifíl thomhaiste de chumas cloiste duine a úsáidtear go forleathan chun lagú éisteachta a dhiagnóisiú. Is graf é a léiríonn an tairseach éisteachta i ndeicibeilí (dB) i gcomhair ton íon thar raon minicíochtaí inchloiste. Go minic tarraingítear an graf i dtéarmaí cailliúint éisteachta: ardú na tairsí i gcomparáid le meánthairseach líon mór daoine le héisteacht shláintiúil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Closghram". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 148.