Cloch na bhFlaitheas (Ioslam)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cloch dhubh

Is éard is Cloch na bhFlaitheas ann (Araibis: الحجر الأسود, al-Hajar al-Aswad) ná cloch dhubh socraithe isteach i gcúinne thoir an Chába, foirgneamh ársa atá suite i lár an Mhosc Naofa i Meice, san Araib Shádach. Tugann Moslamaigh urraim dí mar thaise Ioslamach, a théann siar de réir traidisiún na Moslamach, go dtí tráth Ádhaimh agus Éabha.